Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Sraith Samhraidh | Seamus Heaney: Éist Anois Arís

Clár na dTuras Samhraidh 2026
  • Ar an láthair
Dáta Ón 1 Meitheamh 2026
Suíomh Seamus Heaney: Éist Anois Arís, Ionad Cultúir agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann, Sráid Westmoreland, Baile Átha Cliath 2, Faiche an Choláiste, Contae Bhaile Átha Cliath, D02 VR66
Catagóir Imeacht Taispeántas Turas
Praghas Saor in aisce. Ní Gá Áirithint a Dhéanamh.
Dáta Ón 1 Meitheamh 2026
Suíomh Seamus Heaney: Éist Anois Arís, Ionad Cultúir agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann, Sráid Westmoreland, Baile Átha Cliath 2, Faiche an Choláiste, Contae Bhaile Átha Cliath, D02 VR66
Catagóir Imeacht Taispeántas Turas
Praghas Saor in aisce. Ní Gá Áirithint a Dhéanamh.
“Three abstract black-and-white print-style illustrations arranged side by side on muted colored rectangles against a beige background: a garden fork on olive green, a kite shape on dusty blue, and a circular design of the word 'Mná' on terracotta.”

An samhradh seo siúil tamall i mbróga Seamus Heaney trí chlár saibhir de thurais théamacha!

I rith mhíonna an Mheithimh, Iúil agus Lúnasa tugtar cuireadh i gClár na dTuras Samhraidh do chuairteoirí idir aosta agus óg léargas a fháil ar an bhfilíocht, na daoine, na tírdhreacha agus na scéalta a chuaigh i gcion ar cheann de na scríbhneoirí ab fhearr in Éirinn.

Ó mhaidineacha machnamhacha bunaithe ar smaointe Heaney ar an ionadh agus an láithreacht go turais lán liriciúlacht agus lúcháir atá oiriúnach do theaghlaigh, tá gach eispéireas ina bhealach úrnua le ceangal a chothú le saol agus saothar an fhile. 

    Taispeántas ar líne | Yeats: Saol agus Saothair William Butler Yeats

    Dáta Ar siúl go samhradh 2025
    Catagóir Taispeántas
    Praghas Saor in aisce, ní gá duit áirithint a bheith agat
    Dáta Ar siúl go samhradh 2025
    Catagóir Taispeántas
    Praghas Saor in aisce, ní gá duit áirithint a bheith agat
    Image of the Yeats exhibition at the National Library of Ireland.
    Ar Líne

    Bain sult as ár dtaispeántas a bhfuil gradaim buaite aige ar William Butler Yeats (1865-1939), duine de mhórscríbhneoirí an 20ú haois agus a raibh tionchar suntasach aige ar fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann nua-aimseartha.

    Tarraingítear sa taispeántas ar mhíreanna ó Bhailiúchán Yeats de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, na bailiúcháin is mó leabhar, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann le WB Yeats ar domhan.

    Fiosraigh iliomad spéiseanna Yeats – Éire, litríocht, béaloideas, amharclannaíocht, polaitíocht, misteachas, agus asarlaíocht. I measc bhuaicphointí an taispeántais tá lámhscríbhinní de go leor de na dánta is mó a bhfuil tóir orthu de chuid Yeats, lena n-áirítear “The Lake Isle of Innisfree” agus “Easter, 1916”, a bhonn Duais Nobel, déantáin phearsanta ó thuairiscí scoile Yeats go píosa snoite lapis lazuli, grianghraif iontacha de Yeats agus a chlann agus a chairde, agus go leor eile.

      Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag exhibitions@nli.ie

      Taispeántas ar Líne | Éirí Amach 1916: Pearsantachtaí agus Peirspictíochtaí

      Dáta Taispeántas buan ar líne
      Suíomh Ar Líne
      Catagóir Taispeántas
      Praghas Saor in aisce
      Dáta Taispeántas buan ar líne
      Suíomh Ar Líne
      Catagóir Taispeántas
      Praghas Saor in aisce
      Fothraigh i gCathair Bhaile Átha Cliath i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916

      Ard-Oifig an Phoist agus Sráid Uí Chonaill tar éis Éirí Amach na Cásca,Bailiúchán Grianghrafadóireachta Keogh, Bealtaine 1916 (Ke 121)

      Ar Líne

      Sa taispeántas ar líne seo, taispeánann bailiúcháin shaibhre agus ilghnéitheacha Leabharlann Náisiúnta na hÉireann cúlra stairiúil, agus príomhdhaoine agus áiteanna Éirí Amach 1916.

        Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie

        Taispeántas ar Líne | Súil Nua-Aimseartha: Éire Helen Hooker O'Malley

        Dáta Taispeántas Buan ar Líne
        Suíomh Ar Líne
        Catagóir Taispeántas
        Praghas Saor in aisce
        Dáta Taispeántas Buan ar Líne
        Suíomh Ar Líne
        Catagóir Taispeántas
        Praghas Saor in aisce
        Grianghraf dubh agus bán de Helen Hooker O'Malley le píosa dealbhóireachta ina lámh, agus dealbh bhrád sa chúlra

        Helen Hooker O'Malley © Iontaobhas Dealbhóireachta Helen Hooker O'Malley Roelofs, Ollscoil Luimnigh

        Ar Líne

        Sa taispeántas ar líne seo, faigh amach faoin ngrá atá ag Helen Hooker O’Malley do thírdhreach, stair, agus do mhuintir na hÉireann, agus cén fáth ar dúirt sí “Ireland gave me the greatest outlet towards creative heaven".

        Bhronn Helen Hooker O'Malley os cionn 1,200 dá saothar grianghrafadóireachta do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in 1992, an bhliain sular bhásaigh sí. Tagann beagnach na saothair seo ar fad ó na 1970idí.

        Rugadh i Meiriceá í, bhí Éire mar bhaile ag Helen tar éis di an scríbhneoir agus an réabhlóidí Éireannach, Ernie O'Malley a phósadh in 1935. Cé gur tháinig deireadh lena bpósadh in 1952, d’fhan a grá d’Éirinn seasta ar feadh a saoil.

         

          Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie

          Taispeántas ar líne | Maireachtáil le Bród: Grianghraif Christopher Robson

          Dáta Taispeántas Buan ar Líne
          Suíomh Ar Líne
          Catagóir Taispeántas
          Praghas Saor in aisce
          Dáta Taispeántas Buan ar Líne
          Suíomh Ar Líne
          Catagóir Taispeántas
          Praghas Saor in aisce
          Tá croí dearg agus gorm ar lógó grafach le litreacha i ndath an tuair cheatha a léann: Ag Maireachtáil le Bród
          Ar Líne

          Le blianta fada de ghníomhaíocht aerach, ghlac Christopher Robson na mílte grianghraf. In 2015, de réir mhianta Christopher, bhronn a pháirtí Bill Foley 2,000 grianghraf go fial ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ó 1992-2007, go leor díobh ag taifeadadh máirseálacha Bhród Bhaile Átha Cliath.

          Cinntíonn siad seo ionadaíocht LADT+ i scéal na hÉireann. Sa taispeántas seo, déanaimid ceiliúradh ar na grianghraif sin, agus déanaimid ceiliúradh ar Christopher Robson, fear neamhghnách a chónaigh le Bród.

          Íoslódáil ár bPacáiste Taispeántais Taistil

            Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie

            Taispeántas ar líne | Dubliners: Grianghraif JJ Clarke

            Dáta Taispeántas Buan ar Líne
            Suíomh Ar Líne
            Catagóir Taispeántas
            Praghas Saor in aisce
            Dáta Taispeántas Buan ar Líne
            Suíomh Ar Líne
            Catagóir Taispeántas
            Praghas Saor in aisce
            Seasann fir agus mná Bhaile Átha Cliath ar an gcosán ag acomhal Shráid Suffolk, Sráid Grafton agus Sráid Nassau.

            Daoine ag acomhal Shráid Nassau, Sráid Grafton agus Sráid Suffolk, Baile Átha Cliath, thart ar 1904 (CLAR26)

            Ar Líne

            Tugann grianghraif JJ Clarke léargas ar Bhaile Átha Cliath James Joyce.

            Ghlac Clarke, dochtúir leighis as Co. Mhuineacháin, na híomhánna agus é ina mhac léinn i mBaile Átha Cliath idir 1897 agus 1904. Tá a chur chuige iontach mar shampla luath de stíl fóta-iriseoireachta nua-aimseartha, dírithe ar mhuintir Bhaile Átha Cliath seachas ar ailtireacht na cathrach.

            Léirítear sa taispeántas seo a thaifead beoga ar mhuintir Bhaile Átha Cliath ag casadh an fhichiú chéid.

              Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie

              Taispeántas ar líne | Príomhláithreacha Gníomhaíochta le linn Éirí Amach na Cásca, 1916

              Dáta Taispeántas Buan ar Líne
              Suíomh Ar Líne
              Catagóir Taispeántas
              Praghas Saor in aisce
              Dáta Taispeántas Buan ar Líne
              Suíomh Ar Líne
              Catagóir Taispeántas
              Praghas Saor in aisce
              Léaráid ealaíontóra ar Chathair Bhaile Átha Cliath tar éis bombardú na Cásca 1916

              Lár Chathair Bhaile Átha Cliath i ndiaidh Éirí Amach 1916 (PD C55)

              Ar Líne

              Fiosraigh tíreolaíocht Éirí Amach 1916 trí bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

              Bhí Baile Átha Cliath mar chroílár na gníomhaíochta in Éirí Amach na Cásca 1916 in aghaidh riail na Breataine in Éirinn, ach bhí pócaí troda fíochmhara i gceist i gcontaetha na Gaillimhe, na Mí agus Loch Garman freisin. Nochtar sna léarscáileanna, grianghraif, priontaí, agus lámhscríbhinní scéalta na ndaoine agus na n-áiteanna a bhí páirteach san Éirí Amach ar fud na hÉireann.

                Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie

                Taispeántas ar líne | Sínitheoirí

                Dáta Taispeántas buan ar líne
                Suíomh Ar Líne
                Catagóir Taispeántas
                Praghas Saor in aisce
                Dáta Taispeántas buan ar líne
                Suíomh Ar Líne
                Catagóir Taispeántas
                Praghas Saor in aisce
                Cóip d’Fhorógra Phoblacht na hÉireann

                Poblacht na hÉireann - Cóip d’Fhorógra Phoblacht na hÉireann (EPH G102)

                Ar Líne

                Ba phointe cinniúnach i stair na hÉireann é Éirí Amach 1916. Sa taispeántas ar líne seo, faigh tuilleadh eolais faoi na fir a shínigh an Forógra trí ghrianghraif, litreacha agus earraí inbhailithe.

                Ar Luan Cásca 1916, tráth a raibh Éire mar chuid lárnach de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, d’fhógair seachtar fear Éireannach bunú Phoblacht na hÉireann, agus iad féin á n-ainmniú mar rialtas sealadach aici. In éineacht le 1,600 leantóir nach raibh mórán arm acu, chuir siad fúthu i bhfoirgnimh fheiceálacha i mBaile Átha Cliath. Faigh amach cad a tharla ina dhiaidh sin agus an tionchar a bheadh aige ar réabhlóid na hÉireann.

                 

                  Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie

                  Taispeántas ar Líne | Finnéithe Cogaidh: Éire i mbun Cogaidh trí Lionsa WD Hogan

                  Dáta Taispeántas Buan ar Líne
                  Suíomh Ar Líne
                  Catagóir Taispeántas
                  Praghas Saor in aisce
                  Dáta Taispeántas Buan ar Líne
                  Suíomh Ar Líne
                  Catagóir Taispeántas
                  Praghas Saor in aisce
                  Taispeánann grianghraf dubh agus bán saoránaigh ina seasamh i bhfothracha Shráid Phádraig, Corcaigh tar éis Dó Chorcaí.

                  Sráid Phádraig, Cathair Chorcaí, tar éis Dó Chorcaí a bheith ag fórsaí na Breataine i mí na Nollag 1920 (HOGW 44)

                  Ar Líne

                  Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha trí lionsa an ghrianghrafadóra tráchtála WD Hogan, a bhí bunaithe i mBaile Átha Cliath.

                  Ghlac Hogan, grianghrafadóir tráchtála lonnaithe i mBaile Átha Cliath, imeachtaí Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha. Déanann na híomhánna cur síos ar ghnéithe éagsúla den ghníomhaíocht mhíleata, ar an léirscrios a thug an cogadh chuig ár dtimpeallacht thógtha, agus ar na daoine a mhair tríd an tréimhse thrioblóideach, ina raibh pearsana cáiliúla agus gnáthshibhialtaigh araon. 

                    Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie

                    Taispeántas ar Líne | Cumhacht agus Pribhléid: An Teach Mór in Éirinn

                    Dáta Taispeántas Buan ar Líne
                    Suíomh Ar Líne
                    Catagóir Taispeántas
                    Praghas Saor in aisce
                    Dáta Taispeántas Buan ar Líne
                    Suíomh Ar Líne
                    Catagóir Taispeántas
                    Praghas Saor in aisce
                    Grianghraf dubh agus bán de Theach Parkanaur, Co. Thír Eoghain, teach mór agus garraithe

                    Teach Parkanaur, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain (L_ROY_03945)

                    Ar Líne

                    Déan iniúchadh ar an saol ar eastáit na "Tithe Móra" tríd an taispeántas ar líne seo ag tarraingt ar go leor de bhailiúcháin ghrianghrafadóireachta Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

                    Ba iad “Tithe Móra” na hÉireann tithe móra tuaithe na dtiarnaí talún áitiúla. Nochtann na híomhánna go leor faoin ailtireacht, gairdíní, teaghlaigh agus foireann na n-eastát talún, ar fud oileán na hÉireann, sular athraigh an réabhlóid pholaitiúil i dtús an fhichiú haois a ról i sochaí na hÉireann.

                      Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie