Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas ar líne | Terence MacSwiney, “a patriot of plain men”

Dáta Taispeántas Buan ar Líne
Suíomh Ar Líne
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce
Dáta Taispeántas Buan ar Líne
Suíomh Ar Líne
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce
Grianghraf portráide dubh agus bán de Thoirdhealbhach Mac Suibhne

Portráid de Thoirdhealbhach Mac Suibhne,Bailiúchán Grianghraf de Phearsana Pholaitiúla na hÉireann, thart ar 1918 (NPA POLF187)

Ar Líne

Scrúdaíonn Terence MacSwiney, “a patriot of plain men” scéal Terence MacSwiney, drámadóir agus poblachtach stuama, agus príomhbhall d’Óglaigh na hÉireann agus den IRA i gCorcaigh.

Gabhadh MacSwiney agus cuireadh i bpríosún é go minic, ach tar éis é a ghabháil i mí Lúnasa 1920 chuaigh sé ar stailc ocrais.

Léiríonn déantúsáin ó bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann gur tragóid uafásach phearsanta a bhí i mbás mall MacSwiney dá theaghlach, agus gur imeacht ríthábhachtach é i gCogadh na Saoirse. Éacht cumhachtach bolscaireachta a bhí ann freisin ar son neamhspleáchas na hÉireann, agus crá croí morálta agus polaitiúil do rialtas na Breataine.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie

Taispeántas ar Líne | Ó Shuaitheadh go Sos: Grianghraif de Chogadh na Saoirse

Dáta Taispeántas Buan ar Líne
Suíomh Ar Líne
Catagóir Taispeántas
Dáta Taispeántas Buan ar Líne
Suíomh Ar Líne
Catagóir Taispeántas
Sean-ghrianghraf d’Iníon de Brún agus giuirléidí s’aici timpeall uirthi, taobh amuigh dá teach ar An Maoilinn, Co. Chorcaí, a scriosadh in ionsaí díoltais ag na Dúchrónaigh. 7 Eanáir 1921

Iníon de Brún, taobh amuigh dá teach ar An Maoilinn, Co. Chorcaí, a scriosadh in ionsaí a rinne na Dúchrónaigh, 7 Eanáir 1921 (HOGW 118)

Ar Líne

Tá na híomhánna dubh agus bán. Níl na saincheisteanna.

Ó Shuaitheadh go Sos: Scrúdaítear in ‘Grianghraif de Chogadh na Saoirse’ príomhghnéithe Chogadh Saoirse na hÉireann trí bhailiúcháin grianghraf Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. 

Tír chontúirteach í Éire in 1920 agus 1921. Ar fud na tíre, tá fórsaí smachtúla na Breataine i mbun troda le haonaid d’Óglaigh na hÉireann atá ag éirí níos gasta, níos ionsaithí. Gafa i lár báire tá gnáthdhaoine atá ag iarraidh a saol a chaitheamh ag an am iontach cinniúnach seo.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie