Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Fístaifeadadh: Léacht Bhliantúil Hassett Yeats 2023

Óstálfaidh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) Léacht bhliantúil Joseph Hassett Yeats Dé Máirt, an 13 Meitheamh 2023. Tá fístaifeadadh den léacht ar fáil ar líne anois.

Déardaoin, 20 Iúil 2023
 Margaret Kelleher ag tabhairt léacht ag NLI

Le comóradh a dhéanamh ar bhreith William Butler Yeats ar an 13 Meitheamh 1865, agus comóradh 100 bliain ghradam Duais Nobel, thug an tOllamh Margaret Kelleher, Léacht Joseph Hassett Yeats na bliana seo i bPríomhsheomra Léitheoireachta NLI.

"Ireland's Interpreter" and "Europe's Welcome": W.B. Yeats and the Nobel Prize in Literature, 1923

"Ireland's Interpreter" and "Europe's Welcome": WB Yeats and the Nobel Prize in Literature, 1923 is teideal don léacht seo, agus rinneadh beoshruthú air tráth na hócáide. Ba é Stiúrthóir an NLI, an Dr Audrey Whitty, a thug an léacht tráthnóna le ráitis deiridh ón Dr Joseph Hassett.

Is féidir leat féachaint anois ar an léacht ar líne, lena n-áirítear léirmhíniú ISL le Gemma Shannon, trí chliceáil ar an íomhá thuas nó dul chuig ár gcainéal YouTube anseo