Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Oideas Bairín Bhric i gcomhair Oíche Shamhna

Déan ceiliúradh ar Oíche Shamhna le casadh seanré ar an mbreac clasaiceach.

Dé hAoine, 27 Deireadh Fómhair 2023
Oideas Lámhscríofa Bairín Bhric MS 9929 ca. 1800-1875

MS 9929 ca. 1800-1875

Is príomhbhia de chuid Oíche Shamhna é an Bairín Breac. Focal eile é Bairín do chineál giosta agus is focal Gaeilge é breac a chiallaíonn go bhfuil spotaí air. Úsáideann formhór na n-oideas sa lá atá inniu ann torthaí triomaithe chun na breacanna a dhéanamh ach úsáideann an t-oideas seo ó NLI MS 9929 síolta cearbhais. Bain triail as inniu!

 

Trascríobh:

Oideas Bairín Bhric (c. 1800-1875)

  1. Trí chárt plúir, cuimil trí unsa ime agus sé unsa siúcra isteach ann,
  2. Roinnt síolta cearbhais, déan poll ann agus cuir dhá ubh isteach ann buail suas go cúr é, ceathrú pionta de bhairín, agus an oiread bainne is a fhliuchfaidh é.
  3. Oibrigh suas é agus lig dó ardú agus bácáil ar ghrideall é.

Tabhair do d’aire: Rinneamar ár ndícheall brí a bhaint as an lámhscríbhneoireacht álainn ar an oideas seo ach má tá aon léargas nó nuashonrú agat ar an tras-scríobh thuas scríobh chugainn ag info@nli.ie nó seol teachtaireacht chugainn ar na Meáin Shóisialta. Cuirfimid fáilte is fiche roimh ghrianghraif d’aon bhairín breac cearbhais chomh maith!

Oideas Bairín Bhric Lámhscríofa

MS 9929 ca. 1800-1875