Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Scoil Scairte NLI/Stair Éireann Grianghraif mar fhoinsí stairiúla

Podchraoladh nua ar fáil

Dé hAoine, 2 Meitheamh 2023
Mná agus fir agus ceamaraí bosca ina lámha acu

Grúpa grianghrafadóirí ag Teach Chluain Broc, thart ar 1899 (CLON1936)

An mbíonn staraithe neamhliteartha ó thaobh amhairc de? An dtugann an dathú sean-ghrianghraif chun beatha nó an é nach bhfuil ann ach faisean na huaire? Leabhair staire don bhord caife—maith nó olc?

I gcomhar leis an taispeántas atá ar siúl faoi láthair Daoine agus Áiteanna: Éire sa 19ú agus 20ú hAois sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, seo cuid de na ceisteanna a chuir an t-eagarthóir, Tommy Graham ar Donal Fallon (staraí, scríbhneoir agus craoltóir), ar Emily Mark Fitzgerald (UCD), agus ar Sara Smyth (coimeádaí taispeántais, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann).

Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh anseo

Is iad Stair Éireann agus Grúpa Wordwell a léiríonn an tsraith podchraoltaí ‘An Scoil Scairte’. 

Tacaíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leis an Scoil Scairte, agus taifeadadh sa Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Barra an Teampaill, an 31 Bealtaine 2023 í.