Home, National Library of Ireland
Roghchlár

NLI ag ceiliúradh na foilsitheoireachta Éireannaí agus cartlann foilsitheoireachta an O’Brien Press sealbhaithe aige

I measc na dteideal céadchló sa chartlann tá teidil ó Marita Conlon-McKenna, Éamonn Mac Thomáis, Eoin Colfer, Siobhán Parkinson, Polly Devlin, Frank McGuinness agus William Trevor

Dé Máirt, 19 Nollaig 2023
Ciara Kerrigan, Ivan O'Brien, Dr Audrey Whitty and Colette O'Flaherty

Ciara Kerrigan, Ivan O'Brien, Dr Audrey Whitty and Colette O'Flaherty

D’fhógair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann inniu (19.12.23) go bhfuil sí tar éis Bailiúchán an O’Brien Press a shealbhú.

Téann an bailiúchán siar go bunú an chomhlachta foilsitheoireachta faoi úinéireacht teaghlaigh in 1974, agus tá na mílte míreanna ann, lena n-áirítear lámhscríbhinní, céadchló ó theidil an O’Brien Press agus míreanna de bhunsaothair ealaíne.

Shealbhaigh an Leabharlann Náisiúnta é ó Ivan O’Brien, arbh é a athair nach maireann, Michael O’Brien – duine uaillmhianach i saol na foilsitheoireachta anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta – a chuir an teach foilsitheoireachta ar bun in 1974.

Déantar beagnach 50 bliain den fhoilsitheoireacht Éireannach a cheiliúradh sa bhailiúchán fairsing seo a ritheann ó 1974 go deireadh Mheán Fómhair 2023. Tá breis agus 100 bosca d’ábhar eagarthóireachta ann, amhail lámhscríbhinní agus téacsanna anótáilte agus páipéir bhainteacha, tuairim is 75,000 mír chomhfhreagrais agus 1,500 mír de bhunsaothair ealaíne.

Dúirt an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: “Tá an Leabharlann Náisiúnta ina coimeádaí bródúil ar mhórán bailiúchán náisiúnta iontach, agus tá ríméad orainn an réimse dochreidte ábhar seo a shealbhú.

“Taifead suntasach cuimsitheach í Cartlann an O’Brien Press de bheagnach 50 bliain den scríbhneoireacht, foilsitheoireacht agus léaráidí leabhar Éireannach. Beidh suim ag réimse leathan scoláirí ann, ina measc scríbhneoirí agus maisitheoirí leabhar, scoláirí litríochta agus staraithe. Is tráthúil tochtmhar an bailiúchán seo a shealbhú, a bhfuil a leithéid ann mar gheall ar an scil a bhí ag Michael O’Brien, a fuair bás anuraidh.

“Féachann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le hábhair luachmhara litríochta na hÉireann thar na glúnta a chosaint, a roinnt agus a chur ar fáil do dhaoine ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Gabhaim buíochas le Ivan as ucht an chartlann iontach seo den stair litríochta Éireannaí a bhronnadh ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus tá mé ag súil le hí a roinnt leis an bpobal  chomh luath agus a bheidh measúnú, caomhnú agus catalógú déanta ar an gcartlann.”

Chuir Stiúrthóir Bainistíochta an O’Brien Press, Ivan O’Brien, leis an méid sin agus dúirt: “Is mór an onóir don O’Brien Press ár 50ú bliain a cheiliúradh agus cartlann ár gcomhlachta a thabhairt ar láimh do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann lena coimeád slán. Fuair ár mbunaitheoir agus foilsitheoir, Michael O’Brien, bás go tobann anuraidh, ach bá é a mhian le tamall fada go gcoinneofaí ár gcartlann sa Leabharlann Náisiúnta agus tá a fhios againn go mbeadh bród an domhain air inniu.

“Nuair a bunaíodh an teach foilsitheoireachta in 1974, ní raibh mórán de thionscal dúchasach foilsitheoireachta anseo. Cuireadh tús leis an O’Brien Press ag bord cistine Michael, agus le cúnamh ó fhoireann mhór thiomanta, chruthaitheach thar na blianta, d’fhorbair sé le bheith ar cheann de mhór-fhoilsitheoirí neamhspleácha na tíre.

“Tá áthas orainn go mbeidh an deis ag taighdeoirí amach anseo na hathruithe ollmhóra thar shaolré an tí foilsitheoireachta a rianú, mar aon leis an gcaoi ar athraíodh ó bhonn an próiseas cruthaithe leabhar mar gheall ar na rabhartaí athruithe teicneolaíochta.

“Gabhaimid buíochas le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann as ucht ár gcartlann a thabhairt faoina gcúram agus as ucht oidhreacht uathúil an chomhlachta a chosaint, rud a mbeimid i gcónaí ag tógáil air.”

Beidh Cartlann an O’Brien Press ar fáil don phobal tar éis í a chatalógú.

CRÍOCH