Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas RTÉ ‘Ireland on the Box’ ar oscailt sa CNG i mBarra an Teampaill

Taispeántas grianghraf ó 60 bliain den teilifís in Éirinn

Déardaoin, 30 Nollaig 2021
Grianghraf taobh istigh de thaispeántas RTÉ: An doras draíochta mar chuid de Ireland on the Box

Ireland on the Box, taispeántas de ghrianghraif RTÉ ag an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta

Ireland on the Box, taispeántas saor in aisce ina ndéantar ceiliúradh ar thrí scór bliain den teilifís in Éirinn, ar oscailt anois sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill chun comóradh a dhéanamh ar sheasca bliain de theilifís RTÉ ar Oíche Chinn Bliana 2021.

Cartlann RTÉ atá i mbun coimeádaíochta ar an gcomhshaothar seo idir RTÉ agus an Leabharlann Náisiúnta, agus féachtar ann ar chláir shiamsaíochta, dráma, spóirt, ceoil, oideachais, agus nuachta agus cúrsaí reatha.