Bronnadh an gradam le linn ócáid oscailte 66ú Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Yeats i Sligeach ar an 24 Iúil. Rinneadh sruthú beo ar an ócáid anseo sa Leabharlann Náisiúnta chomh maith.
Léiríonn an t-aitheantas seo an ceangal domhain atá ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le Yeats. Bhí ról múnlaitheach ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) i luathshaol an fhile, agus tá an ceangal sin buan. Mar ghníomh iontach flaithiúlachta, bhronn muintir Yeats cartlann fhairsing an fhile ar an NLI idir 1939 agus 2017.
Ár taispeántas buan Yeats: Tarraingíonn Saol agus Saothar William Butler Yeats i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar an ábhar seo, agus tugann sé cuireadh do chuairteoirí plé le rannpháirtíocht dhomhain Yeats le hÉirinn, litríocht, béaloideas, amharclannaíocht, polaitíocht agus misteachas.
Is í Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Yeats, atá anois ina 66ú bliain, an scoil samhraidh liteartha is faide ar domhan. Thar na blianta, tá pobal bríomhar, idirnáisiúnta de léitheoirí, scríbhneoirí, agus acadóirí cothaithe aici. Bhí an NLI ina rannpháirtí rialta sa Scoil Samhraidh ar feadh a staire.
Dúirt Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI), an Dr Audrey Whitty, “Is mór an onóir dom an ceapachán seo. Athdhearbhaíonn an ról seo comhpháirtíocht leanúnach na Leabharlainne Náisiúnta maidir le saothar neamhghnách saoil WB Yeats, duine de na pearsana liteartha is mó riamh, a cheiliúradh agus a scaipeadh.
Dúirt Cathaoirleach Chumann Yeats Shligigh, Lorraine McDonnell, “Tá lúcháir ar Chumann Yeats Shligigh Stiúrthóir NLI, Audrey Whitty, a ainmniú mar ár nUachtarán Oinigh. Neartaíonn sé seo ár gcomhpháirtíocht agus an obair a dhéanaimid araon chun doimhneacht agus raon feidhme shaol agus shaothar WB Yeats a leathnú. Is léiriú é fad saoil Chumann Yeats Shligigh agus ár Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta ar thábhacht leanúnach an fhile Nobel inár saol go léir.”
Faigh tuilleadh eolais faoi Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Chumann Yeats Shligigh ar a suíomh gréasáin.
