Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Seachtain na Gaeilge 2024

Dé Luain, 19 Feabhra 2024
Graphic text reading Seachtain na Gaeilge on green background

Le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh, beidh imeachtaí Gaeilge saor in aisce ar siúl againn idir an 1 agus an 17 Márta. Ba bhreá linn tú a bheith linn. Beidh fáilte roimh chách sna himeachtaí.

Cupán agus Comhrá, Dé Máirt, an 5 Márta agus Dé Máirt, an 12 Márta 2024

Bí linn le haghaidh cupán deas tae agus comhrá i nGaeilge ag 11am, Dé Máirt, an 5 Márta agus Dé Máirt, an 12 Márta taobh amuigh dár bpríomhfhoirgneamh. Beidh ball foirne dár gcuid, Niamh Ní Riain, i láthair chun fáilte a chur romhat agus chun aon cheisteanna a fhreagairt a d’fhéadfá a bheith agat faoin Leabharlann Náisiúnta. 

Cibé acu atá cúpla focal agat, is cainteoir líofa thú, nó atá tú ag iarraidh éisteacht leis an teanga le cleachtadh, beidh fáilte is fiche romhat! Ní gá duit aon áirithint a bheith agat.

 

Turas Fáilte Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Déardaoin, an 7 Márta agus Déardaoin, an 14 Márta ag 11am, beidh Niamh Ní Riain i láthair leis an Turas Fáilte a chur ar fáil i nGaeilge. Sa turas 30 nóiméad faoi threoir, gheobhaidh cuairteoirí tús eolais ar sheirbhísí, stair agus ailtireacht Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Bí ann nó bí gann!

Ní gá duit aon áirithint a bheith agat – díreach tar chuig an bpríomh‑halla i bpríomhfhoirgneamh na Leabharlainne, 7/8 Sráid Chill Dara.

Le háirithint ghrúpa a dhéanamh, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le learning@nli.ie.

 

Caint as Gaeilge faoi Pháipéir Oireachtas na Gaeilge, 1939-1994, sa Leabharlann Náisiúnta

Caint ar line,  Dé Máirt 12 Márta 11 rn.

Labharfaidh Máire Ní Chonalláin, Coimeádaí Cúnta, i nGaeilge faoi Pháipéir Oireachtas na Gaeilge, 1939-1994, sa Leabharlann Náisiúnta. 

Bailiúchán de thaifid riaracháin, iontrálacha comórtais, agus tuarascálacha na moltóirí a bhaineann leis an comórtas bliantúil ar a nglaotar.

An tOireachtas, nó Oireachtas na Gaeilge – Féile Náisiúnta Teanga agus Cultúr na Gaeilge ar siúl gach bliain ó 1897 go dtí an lá inniu.

 

Ciorcal Comhrá

Beimid ag reachtáil an Ciorcal Comhrá gach Aoine óna 10.30 go dtí na 11 ar na bínsí lasmuigh den leabharlann. Beidh fáilte roimh chách mar is gnách ar an 1, 8, agus 15 Márta. Ní gá duit aon áirithint a bheith agat.