Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Poetry Aloud 2022: Comórtas filíochta béil d’iar-bhunscoileanna

Foirm iontrála ar fáil anois

Dé Sathairn, 10 Meán Fómhair 2022
Íomhá de scoláirí taobh thiar de scáileán téacs laistigh de thaispeántas Yeats ag NLI

Tá Poetry Aloud, comórtas filíochta béil do dhaltaí iar-bhunscoile, á eagrú ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus ag Éigse Éireann ó bhí 2007 ann chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ngliondar a bhaineann leis an bhfilíocht a rá agus le héisteacht léi.

Is féidir le gach dalta atá ag freastal ar scoil dara leibhéal ar oileán na hÉireann páirt a ghlacadh sa chomórtas seo. Dé hAoine, an 30 Meán Fómhair an dáta deiridh chun iontrálacha a chur isteach. Chun aon suaitheadh féideartha a sheachaint, reáchtálfar an chéad bhabhta de Poetry Aloud 2022 go fíorúil in ionad réamhbhabhtaí réigiúnacha ar an láthair. 

Féach ár leathanach Poetry Aloud.

Féach suíomh gréasáin Poetry Aloud.