Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Léacht an Choiste Ghinealais agus Araltais 2026 á tabhairt ag Vona Groarke

Dé Luain, 29 Meitheamh 2026
Vona Groarke, Ireland Professor of Poetry. Photograph by Joe O' Shaughnessy

Vona Groarke, Ireland Professor of Poetry. Photograph by Joe O' Shaughnessy

Tá ríméad ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) fáilte a chur roimh fhile a bhfuil clú agus cáil uirthi, an tOllamh Vona Groarke, léacht an Choiste Ghinealais agus Araltais 2026, 'Na Bearnaí a Líonadh' a thabhairt Dé Céadaoin an 8 Iúil ag 6.30pm i Léachtlann Joly, NLI.

Á cur i láthair ag Coiste Ginealais agus Araltais Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, pléifear le linn na léachta poiblí saor in aisce sin na rudaí gur féidir leo teacht chun cinn ó thaobh na cruthaitheachta de nuair a fhágtar ceisteanna gan fhreagra sa taighde cartlainne. Agus tagairt á déanamh dá leabhar a bhfuil duaiseanna buaite aige faoi imirceach Éireannach óg i Nua Eabhrac, Hereafter: The Telling Life of Ellen O'Hara, déanfaidh Groarke a machnamh ar an gcaoi ina dtugtar scéalta muintire nach maireann chun solais ach amháin ina mblúirí trí mheán na filíochta agus na staire, nuair a dhéantar taighde na cartlainne agus an tsamhlaíocht a chur le chéile. 

D'fhoilsigh Vona Groarke cúig leabhar déag, lena n-áirítear naoi gcnuasach filíochta le The Gallery Press. Cuireadh a cnuasach is deireanaí, Infinity Pool, ar an ngearrliosta don Duais T.S. Eliot 2025. Bhuaigh Hereafter an Duais Michel Déon in 2024. Is comhalta den Aosdána agus de Chumann Ríoga na Litríochta í, agus is í Ollamh Filíochta na hÉireann reatha freisin (2025–2028).

Tugann an Coiste Ginealais agus Araltais NLI cúnamh agus comhairle do Bhord NLI maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an nginealas agus leis an araltas, agus le feidhmeanna Oifig an Ard-Arailt. Tacaítear lena chuid saothair le maoirseacht na Leabharlainne ar chnuasaigh na hOifige Ginealais, le forbairt rochtana an phobail ar acmhainní ginealais agus araltais, agus le plé a dhéanamh le stair mhuintire agus le hoidhreacht araltais ar dhóigh eolach a chur chun cinn.

Tá an NLI ina baile ag cuid mhór acmhainní ginealais agus staire muintire, lena n-áirítear cnuasaigh, lámhscríbhinní, nuachtáin, grianghraif agus ábhar cartlainne eile na hOifige Ginealais chun tacú le gach taighdeoir, cibé acu más ginealeolaí gan taithí ar bith atá ann nó ginealeolaí ag a bhfuil an-taithí atá i gceist.

Is cuma más i do shinsearacht, i stair na hÉireann nó i scéalta atá faoi cheilt laistigh de na cartlanna a bhfuil spéis agat, sa léacht sin tugtar léargas an-suimiúil ar an gcaoi ar féidir leis an taighde agus leis an gcruthaitheacht teacht le chéile chun anam agus brí a chur sa stair.

Cead isteach saor in aisce, ní mór áit a chur in áirithe. Cuir d'áit in áirithe chun freastal air:

I bPearsa | Léacht: ‘Na Bearnaí a Líonadh’

Beoshruth | Léacht: ‘Na Bearnaí a Líonadh’

Chun cloisteáil faoi imeachtaí, faoi thaispeántais agus faoi chainteanna amach anseo, cláraigh le nuachtlitir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus lean sinn ar na meáin sóisialta i gcomhair an eolais is deireanaí.

Chun tuilleadh a fháil amach faoi thaighde ar stair mhuintire ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus le haghaidh seirbhís comhairliúcháin saor in aisce, téigh chuig suíomh gréasáin Stair Mhuintire de chuid na Leabharlainne.