Is é iPRES (an Chomhdháil Idirnáisiúnta um Chaomhnú Digiteach) an cruinniú domhanda is mó le rá do ghairmithe um chaomhnú digiteach. Ó 2004 i leith, tá taighde, cleachtas agus réitigh roinnte ag saineolaithe ó gach cearn den domhan ag an gcomhdháil bhliantúil seo.
In 2030, cuirfimid fáilte roimh thoscairí go hÉirinn mar chuid de chuibhreannas uile-oileáin lena n-áirítear Stór Digiteach na hÉireann (DRI), Cartlann Guinness (Diageo), Taifid Phoiblí Thuaisceart Éireann (PRONI), agus Cartlann RTÉ. Léiríonn téama na comhdhála, Collogue agus Meitheal, tiomantas na n-óstach do chomhoibriú agus do spriocanna comhroinnte maidir le hoidhreacht dhigiteach a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.
Ceannasaí na mBailiúchán Digiteach: Duirt Eoghan Ó Carragáin, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
"Is dúshlán é caomhnú digiteach nach féidir le haon institiúid aonair a réiteach ina haonar. Is deis é iPRES 2030 a óstáil chun foghlaim ó chomhghleacaithe idirnáisiúnta agus chun comhpháirtíochtaí a neartú ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Tá comhoibriú, bíodh sé i gceist le heolas teicniúil a roinnt, caighdeáin a fhorbairt, nó bonneagar a thógáil, riachtanach más mian linn rochtain fhadtéarmach ar bhailiúcháin dhigiteacha agus ar chartlanna gréasáin a chinntiú."
Ó URLanna briste go formáidí comhaid atá as dáta, méadaíonn an tasc a bhaineann le hábhar digiteach a chaomhnú gach lá. Tabharfaidh an chomhdháil seo le chéile an saineolas atá riachtanach chun dul i ngleic leis na dúshláin seo agus ár n-oidhreacht dhigiteach a chosaint.
Fógrófar tuilleadh sonraí faoi iPRES 2030 sna míonna amach romhainn.