Is é an aidhm atá leis na cainteanna gearra seo léargas a thabhairt ar an leibhéal scoláireachta, cruthaitheachta agus fionnachtana atá ag eascairt as rannpháirtíocht léitheoirí cláraithe le bailiúcháin na leabharlainne.
Tá cead ag taighdeoirí de gach aois agus ag gach leibhéal tograí a chur isteach – mic léinn tríú leibhéal, scoláirí neamhspleácha, acadóirí, ealaíontóirí, scríbhneoirí, ginealeolaithe, taighdeoirí pobail agus daoine eile a bhaineann a gcuid saothar úsáid fhiúntach as stoc na leabharlainne. Is cuma má tá do thionscadal críochnaithe, má tá tú ag obair air nó má tá tú ar tí tús a chur leis an obair, is deis atá anseo chun aird a tharraingt ar an tslí a bhfuil úsáid bainte agat as bailiúcháin NLI chun eolas a aimsiú do do thaighde, do thaighde a fhorbairt nó a athrú.
Ábhar agus Formáid
Is 15 nóiméad a cheadófar do chainteanna Breacsholais, agus eagrófar seisiún gearr Ceisteanna agus Freagraí i ndiaidh na gcainteanna.
Ní mór go mbeadh na cainteanna sothuigthe, spéisiúil agus oiriúnach do phobal ginearálta.
Ba cheart do chainteanna Breacsholais díriú ar thaighde a bhaineann úsáid as (nó atá bunaithe ar) bailiúcháin NLI, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do:
- Bailiúcháin Ghinealais agus Araltais
- Léarscáileanna stairiúla
- Bailiúcháin lámhscríbhinní agus chartlainne
- Bailiúcháin cheoil
- Nuachtáin, tréimhseacháin agus ábhar gearrshaolach
- Grianghraif, priontaí agus líníochtaí
- Leabhair neamhchoitianta agus seanleabhair
Tá spéis ar leith againn i dtograí mar seo a leanas:
- A thugann léargas ar ghnéithe nua de na bailiúcháin nó ar ghnéithe nach bhfuil aithne fhorleathan orthu
- A thugann léargas ar mhodheolaíochtaí nuálacha nó ar chur chuige idirdhisciplíneach
- A tharraingíonn aird ar an tionchar atá ag acmhainní NLI ar an timpeallacht acadúil, chruthaitheach nó pobail go ginearálta
- A thugann léargas nua ar stair, cultúr, litríocht, sochaí nó féiniúlacht na hÉireann
Conas Togra a Sheoladh ar Aghaidh:
Seol léiriú spéise lena n-áirítear:
- D'ainm agus Uimhir Thicéid Léitheora NLI
- Teideal molta
- Achoimre ina bhfuil 150-200 focal ina ndéantar cur síos ar do thaighde agus ar an nasc atá aige le bailiúcháin NLI
- Aon riachtanas teicniúil mínithe i mbeagán focal, e.g. teilgeoir agus scáileán do chur i láthair PowerPoint
- Eolas maidir leis na dátaí a mbeadh tú ar fáil, tráthnónta Déardaoin, chun tabhairt faoi do chaint (liostaigh gach dáta oiriúnach):
- 24 Meán Fómhair 2026
- 29 Deireadh Fómhair 2026
- 26 Samhain 2026
- 28 Eanáir 2027
- 25 Feabhra 2027
- 25 Márta 2027
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig learning@nli.ie faoin 23 Lúnasa 2026.
Más spéis leat a bheith páirteach sa tionscadal seo ach mura bhfuil tú cláraithe mar léitheoir i láthair na huaire, cláraigh saor in aisce sula seolann tú do thogra ar aghaidh.
Déanfar athbhreithniú ar thograí chun a chinntiú go bhfuil siad soiléir, ábhartha agus ailínithe le haidhm an imeachta - ceiliúradh a dhéanamh ar thaighde atá fréamhaithe i mbailiúcháin NLI.
A bhuíochas le maoiniú atá curtha ar fáil ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt faoin Scéim “Baile Átha Cliath faoi Sholas na Gealaí” , cuirfear íocaíocht bheag, €100, ar fáil do gach cainteoir roghnaithe. In imthosca áirithe, d'fhéadfaí costais taistil a íoc freisin.

