Tabhartas don náisiún
Bhronn Iontaobhas Band Aid a chartlann iomlán go cineálta ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) in 2017. Cuimsítear léi cáipéisí, scéalta pearsanta, comhfhreagras le deontóirí, rialtais agus craoltóirí, chomh maith le saothar ealaíne, taifeadtaí fuaime, agus na céadta litreacha pearsanta. Léiríonn an chartlann scála agus castacht na hiarrachta a bhí taobh thiar de Live Aid. Rinneadh an chartlann a chatalógú, agus cuirfear ar fáil do thaighdeoirí í in 2026.
Bain sult as Ceolchoirm Live Aid trína ghrianghraif iontacha
Chun comóradh 40 bliain Live Aid a dhéanamh, tá rogha de 2,000 grianghraf ón gcartlann eisithe againn ar líne. Déanann na grianghraif sin doiciméadú ar an ullmhúchán agus ar na léirithe ó na ceolchoirmeacha a tionóladh ag an am céanna i Londain agus in Philadelphia ar an 13 Iúil 1985.
Leis an taifead uathúil amhairc seo, cuirtear léargas lom gan eagarthóireacht i láthair ar cheann de na himeachtaí is sainiúla ceoil, cultúir agus tiomsaithe airgid den 20ú haois, imeacht a raibh Sir Bob Geldof ar thús cadhnaíochta ann ar son faoiseamh ó ghorta san Aetóip, a léirítear le saothar na gcéadta grianghrafadóir idirnáisiúnta.
Leis na híomhánna, cuirtear in iúl scála agus fuinneamh na gceolchoirmeacha ag Staid Wembley i Londain agus ag Staid JFK in Philadelphia an 13 Iúil 1985, lenar cuimsíodh léirithe ó Freddy Mercury, David Bowie, Paul McCartney, U2, Sting, Madonna, Sade, Black Sabbath, Phil Collins agus a thuilleadh. Agus an chartlann digitithe anois ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, cuireann sí meascán de radhairc aithnidiúla agus macánta ar fáil ón imeacht ‘Júcbhosca Domhanda’ a craoladh roimh 1.9 billiún duine tráth
Tá na grianghraif nua-dhigitithe atá mar chuid de chartlann Iontaobhas Band Aid de chuid NLI ar fáil le féachaint orthu anois ar líne anseo.
Dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: “Trí infheistiú i bhfoirne saineolacha agus áiseanna digitithe, cinntíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann go ndéantar ábhair a bhfuil tábhacht chultúrtha ag baint leo a chaomhnú agus a chomhroinnt go gníomhach i bhformáidí nua. Sampla cumhachtach is ea an bailiúchán seo ó Iontaobhas Band Aid den chaoi a nascaimid daoine leis an am a chuaigh thart ar bhealaí inrochtana marthanacha. Rachaidh ár gcartlann dhigiteach i gcion ar na daoine sin a bhfuil cuimhne acu ar Live Aid agus spreagfaidh sí glúnta nua chun mothú agus tionchar an imeachta iontaigh sin a fhionnadh.”
Taispeántas atá le teacht Live Aid ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
I mí Mheán Fómhair, osclóimid taispeántas grianghrafadóireachta Live Aid ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i gCartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta (CNG) NLI i mBarra an Teampaill. Beidh íomhánna allabhracha ó cheolchoirm Live Aid i gceist leis sin, atá socraithe chun fuinneamh agus dóchas gach léiriú a athghabháil. Coinnigh súil ar ár suíomh gréasáin le haghaidh tuilleadh sonraí faoin taispeántas saor in aisce seo.
Léigh an phreaseisiúint ina hiomláine.



