Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Comórtas Aithriseoireachta Filíochta le haghaidh scoileanna iar-bhunscoile

Foirm iontrála ar fáil anois

Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair 2025
Poetry Aloud competition taking place in the Reading Room

Chun aoibhneas na filíochta a cheiliúradh, tá lúcháir ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Éigse Éireann, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, a fhógairt go mbeidh Poetry Aloud, Comórtas Aithriseoireachta le haghaidh scoláirí iar-bhunscoile, ar siúl in 2025.

Tá fáilte roimh gach scoláire iar-bhunscoile ar oileán na hÉireann páirt a ghlacadh sa chomórtas, a tharlaíonn gach bliain ó 2007 ar aghaidh. I mbliana beidh an chéad bhabhta ina chomórtas fíorúil agus tá gach eolas atá ag teastáil chun cur isteach air ar ár suíomh gréasáin.

Is é Dé hAoine, an 20 Deireadh Fómhair an dáta deiridh le hiarratas a chur isteach.

Féach ar ár leathanach Poetry Aloud.

Féach ar an suíomh gréasáin Éigse Éireann.