Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Buaiteoirí Poetry Aloud 2022

Dé hAoine, 3 Márta 2023
Luke Dolan, Jack Monaghan and Sarah Joyce in the NLI's Reading Room

Luke Dolan, Jack Monaghan and Sarah Joyce

Comhghairdeachas le gach éinne a ghlac páirt i gcomórtas Poetry Aloud na bliana seo.

Ba mhór an t-áthas dúinn na scoláirí a fheiceáil ag filleadh ar an leabharlann tar éis an comórtas a reáchtáil go fíorúil ó 2020 i leith, agus bhí an-áthas orainn fáilte a chur roimh na scoláirí, a múinteoirí agus a dtuismitheoirí ar ais chuig NLI.
 
Arna eagrú ag NLI agus Poetry Ireland i gcomhpháirtíocht le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, tharraing comórtas na bliana seo 303 iontráil ó scoileanna ar fud an oileáin. Bhí 22 iomaitheoir ó 12 chontae ar fad, ó Ard Mhacha go Laois go Corcaigh.
 
Ainmníodh Luke Dolan ó Phobalscoil Ghleann na Madadh i nGaillimh mar bhuaiteoir foriomlán Ghradam Seamus Heaney ‘Poetry Aloud’.
 
I measc na mbuaiteoirí agus na n-iomaitheoirí eile bhí:
Sarah Joyce, buaiteoir sa chatagóir Meánrang
Jack Monaghan, buaiteoir sa chatagóir Shóisearach
Ben Campbell, dara háit sa chatagóir Sinsearach
Maire Spaight, dara háit sa chatagóir Meánrang
Doireann Ní Chuignigh, dara háit sa chatagóir Shóisearach