Tá an tionscadal á stiúradh ag an Dr Jivanta Schottli, Stiúrthóir ar Institiúid Éire India ag OCBÁC. Tá an Dr Tapasya Narang agus an Dr Veena Ramachandran ó BITS Pilani ar an bhfoireann taighde chomh maith, agus is í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann comhpháirtí na sochaí sibhialta sa tionscadal.
Tá mná óga Éireannacha de bhunadh Indiach ag múnlú smaointe céannachta, muintearais agus saoránachta go gníomhach laistigh de shochaí ilchultúrtha na hÉireann atá ag éirí níos mó i gcónaí. Agus inscne á úsáid mar phríomhlionsa anailíseach, scrúdóidh an tionscadal an chaoi a dtéann aosaigh óga i ngleic le deiseanna agus dúshláin shóisialta, chultúrtha agus institiúideacha, agus ag an am céanna iniúchfaidh sé an chaoi a mbíonn tionchar ag reiligiún, sainaicme, aicme agus dinimic idirghlúine ar na taithí seo.
Trí bhailiúchán staire béil, tá sé mar aidhm ag an tionscadal scéalta mná óga Éireannacha de bhunadh Indiach, a dhéantar neamhaird orthu go minic, a dhoiciméadú agus a chaomhnú agus iad ag treorú an tsaoil oideachais, ghairmiúil agus shibhialta in Éirinn. Déanfaidh an taighde anailís ar a dtaithí saoil agus leagfaidh sé béim ar a gcuid ranníocaíochtaí le cultúr polaitiúil agus le sochaí shibhialta na hÉireann trí obair phobail, rannpháirtíocht agus saoránacht ghníomhach.
Forbraíodh an tionscadal i gcomhar le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus cuirfidh sé le scéal comhroinnte na hÉireann sa 21ú haois a chaomhnú agus a shaibhriú.
Dr Veena Ramachandran
Dr Tapasya Narang
Dr Jivanta Schottli