A bhuí le tacaíocht fhlaithiúil Leabharlannaí Ollscoil na Banríona, Jane O’Neill, bhí cruinniú hibrideach Boird ar siúl i Leabharlann McClay Déardaoin, an 26 Meitheamh. Tar éis an chruinnithe, tugadh turas treoraithe don Bhord ar an leabharlann a bhfuil duaiseanna buaite aici. Tá seomraí oiliúna TF, Ionad Teanga, spásanna staidéir agus tacaíochta, agus caifé sa leabharlann, chomh maith le Bailiúcháin Speisialta agus Seomra Léitheoireachta C.S. Lewis de chuid na hOllscoile a bhfuil clú agus cáil orthu. Chuir Deirdre Wildy, Ceannasaí Bailiúchán agus Cartlann Speisialta, taispeántas coimeádta de bhuaicphointí bailiúcháin i láthair freisin.
An tráthnóna roimhe sin, Dé Céadaoin, an 25 Meitheamh, thug an Bord cuairt ar Mhúsaem Uladh, ceann de cheithre shuíomh de chuid Mhúsaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann. A bhuí leis an gCathaoirleach, Gordan Milligan OBE, agus leis an bPríomhfheidhmeannach, Kathryn Thomson, as a bhfáilteachas, bhain an Bord sult as turas faoi threoir an tsaineolaí William Blair, Stiúrthóir Bailiúchán. Ar chúig urlár an mhúsaeim, cuirtear taispeántais shaibhre éagsúla ealaíne, staire, agus eolaíochtaí nádúrtha os comhair an phobail.
I mBéal Feirste dóibh, ba chúis áthais do chomhaltaí an Bhoird é buaileadh leis an Ollamh Richard Miles, Propast agus Leas-Seansailéir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, mar aon le Julie Andrews, Stiúrthóir, agus le Samantha McCombe, Leabharlannaí Halla an Línéadaigh. Tugadh cuairt chúirtéise freisin ar Ionad Seamus Heaney ag Ollscoil na Banríona.
Leis an gcruinniú sin, cuireadh le sraith cruinnithe réigiúnacha de chuid an Bhoird le déanaí, tar éis teacht le chéile i nGaillimh (2023) agus i gCorcaigh (2024). Léirítear sainchúram níos leithne agus tiomantas NLI chun comhar ionchuimsitheach uile-oileáin a chothú leis na cuairteanna sin. Tá an Bord ag tnúth le comhpháirtíochtaí a dhoimhniú agus tionscnaimh chomhroinnte nua a fhorbairt mar thoradh ar a chruinniú i mBéal Feirste.