Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Bailiúchán grianghrafadóireachta Covid-19 de chuid Phreas‑Ghrianghrafadóirí na hÉireann faighte ag NLI

Tá nach mór 200 íomhá phreasa sa chartlann ‘An Saol in Éirinn faoi scáth Covid-19’, agus iad ina dtaifead ar aimsir na paindéime sa tír

Dé Máirt, 16 Aibreán 2024
Pictured at an event to mark the donation of the Press Photographers Ireland (formerly PPAI) donation of their collection 'Life under Covid-19' to the National Library of Ireland are from L-R: Frank Miller (PPI), Professor Luke O'Neill, and Dr Audrey Whitty, Director of the National Library of Ireland.

L-R: Frank Miller (PPI), Professor Luke O'Neill, and Dr Audrey Whitty, NLI Director 

Rinne Leabharlann Náisiúnta na hÉireann comóradh ar bhailiúchán grianghrafadóireachta agus físghrafadóireachta preasa de chuid Phreas‑Ghrianghrafadóirí na hÉireann (PPAI mar a bhí), darb ainm ‘An Saol in Éirinn faoi scáth Covid-19’ a fháil le fáiltiú tráthnóna inné.

Reáchtáladh an ócáid ​​bhronnta sa Leabharlann Náisiúnta (an 15.04.24), agus d’fhreastail baill de Phreas‑Ghrianghrafadóirí na hÉireann agus an tOllamh Luke O’Neill air.

Áirítear sa chartlann 200+ íomhá dhigiteach a deonaíodh, ar ghlac níos mó ná 70 grianghrafadóir preasa ar fud na tíre iad idir 2020-2021.

Taifead ar an saol in Éirinn in aimsir na paindéime atá inti, agus i measc an ábhair tá grianghraif de chleachtadh an scartha shóisialta; caitheamh forleathan masc; ionaid vacsaínithe; foirne spóirt ag imirt i staideanna folmha (agus daoine ag breathnú ar chluichí go tnúthánach trí gheataí atá faoi ghlas); sráideanna tréigthe; oibrithe cúraim sláinte in TCP iomlán, chomh maith leis an gcaoi a ndearna daoine cumarsáid le daoine scothaosta agus leochaileacha, agus pobail ag teacht le chéile – iad ag cleachtadh an scartha shóisialta – le meas a léiriú d’oibrithe túslíne na hÉireann.

Tá grianghraif ann freisin de phríomhoifigigh, leithéidí an Taoiseach Simon Harris, arbh é an tAire Sláinte ag an am sin é; an t-iarPhríomhoifigeach Leighis, an Dr. Tony Houlihan, agus an t-imdhíoneolaí, an tOll. Luke O’Neill. Thug an tOllamh Luke O’Neill óráid aréir ag tabhairt faoi deara go bhféadfadh an fáiltiú ag an Leabharlann Náisiúnta "a bheith ar an gcéad imeacht leathphoiblí chun comóradh a dhéanamh ar Covid-19 agus am a ghlacadh le machnamh a dhéanamh air [in Éirinn]."

Dúirt an Dr. Audrey Whitty: “Is ionann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus cuimhne na hÉireann ar bhealach. Sa 21ú céad agus an saol mór ag dul le taifid i bhformáidí digiteacha seachas i gcló, is den ríthábhacht é go gcoinnímis cos leis an teicneolaíocht ionas gur féidir linn bailiúcháin a bhí digiteach ón gcéad lá riamh agus atá suntasach ó thaobh cultúir de a bhailiú, a bhainistiú agus a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht

Cuirfear an bailiúchán ‘An Saol in Éirinn faoi scáth Covid-19’ ar fáil don phobal amach sa bhliain a luaithe a bheidh catalógú déanta air. Tá an Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta sa Leabharlann Náisiúnta i mBarra an Teampaill.

Is féidir an phreaseisiúint iomlán a léamh anseo.