Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Buaiteoir ‘Poetry Aloud’ fógartha ag NLI céad bliain tar éis bhronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Yeats

Dé hAoine, 8 Nollaig 2023
George Pham, Ellie Reynolds and Shay Collins standing on ladder in the NLI's Reading Room

George Pham, Ellie Reynolds and Shay Collins 

Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt i gcomórtas Poetry Aloud na bliana seo.

Is í Ellie Reynolds, 17, as Lismore College, Co. Ard Mhacha, Buaiteoir Foriomlán Chomórtas 2023. Bhuaigh sí Catagóir Shinsearach an chomórtais chomh maith. Bhronn Stiúrthóir NLI, an Dr Audrey Whitty teastas Poetry Aloud uirthi. Bhí Ellie sa bhabhta ceannais in 2019 freisin.

Is é George Pham, 12, as Coláiste Phort Laoise, Co. Laoise, Buaiteoir na Catagóire Sóisearaí i mbliana. Is é Shay Collins, 15, as Pobalscoil Ghleann na Madadh, Co. na Gaillimhe Buaiteoir na Catagóire Idirmheánaí.

Comórtas bliantúil filíochta labhartha is ea Poetry Aloud a bhíonn ar oscailt do gach scoláire iar‑bhunscoile ar oileán na hÉireann. Reáchtálann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Éigse Éireann é le tacaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Tharraing comórtas na bliana seo 365 iontráil ó 65 scoil ar fud an oileáin. 22 scoláire a bhí i gcraobh an chomórtais i mbliana, ó 14 chontae ar fud na tíre.

I mbliana, rinne an buaiteoir aithris ar In Memory of Eva Gore-Booth agus Con Markiewicz, dán le WB Yeats, mar chomóradh ar bhronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Yeats céad bliain ó shin in 1923.

Is féidir an phreaseisiúint iomlán a léamh anseo.

Ellie Reynolds reciting on stage

Ellie Reynolds, Overall Winner of the 2023 competition

George Pham, Dr Audrey Whitty (Director of the NLI), Shay Collins, Ellie Reynolds and Liz Kelly (Director of Poetry Ireland)

George Pham, Dr Audrey Whitty (Director of the NLI), Shay Collins, Ellie Reynolds and Liz Kelly (Director of Poetry Ireland)