Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ceiliúradh á Dhéanamh ar Éireannaigh a bhfuil Duais Booker bainte acu

Sraith cainteanna ag NLI le scríbhneoirí a bhfuil Duais Booker bainte acu

Dé Luain, 8 Aibreán 2024
Téacsghrafaic de leabhair charntha i gcruth ‘Writer to Writer’

Déanfaidh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ceiliúradh ar chuid de na scríbhneoirí beo is fearr sa tír le sraith léamha agus comhráite le ceathrar de bhuaiteoirí Éireannacha Dhuais Booker.

Maidir leis an tsraith

Cuirfear tús le ‘Ceiliúradh á Dhéanamh ar Éireannaigh a bhfuil Duais Booker bainte acu’ ar an 23 Aibreán nuair a bheidh buaiteoir reatha Dhuais Booker, Paul Lynch, i mbun comhrá leis an úrscéalaí Belinda McKeon. Léifidh an tUasal Lynch sliocht ón úrscéal sárdhíola idirnáisiúnta a chuir sé amach in 2023, Prophet Song; chun an t-imeacht a oscailt; ina dhiaidh sin déanfar mionphlé ar an leabhar, chomh maith lena ghairm bheatha go ginearálta, agus tabharfar cead cainte ansin don lucht féachana maidir le Prophet Song sula dtabharfar an t-imeacht chun críche. Leanfar ar aghaidh leis an tsraith i mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh le buaiteoirí eile amhail John Banville, Anne Enright, agus Roddy Doyle.

 

Conas freastail ar an imeacht

Tá na ticéid saor in aisce, ach níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil. Mar sin, moltar áirithint a dhéanamh gan mhoill.

Seo a leanas an tsraith iomlán Ceiliúradh á Dhéanamh ar Éireannaigh a bhfuil Duais Booker bainte acu:

1) Buaiteoir Dhuais Booker 2023, Paul Lynch, údar Prophet Song, i mbun comhrá le Belinda McKeon

Dé Máirt, an 23 Aibreán ag 6.30pm

Seomra Léitheoireachta, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 P638

Is féidir ticéid a fháil anseo

2) Buaiteoir Dhuais Booker 2005 John Banville, údar The Sea, i mbun comhrá le Claire Kilroy

Dé Máirt, an 7 Bealtaine ag 6.30pm

Eiseofar na ticéid go luath – coinnigh súil amach ar ár meáin shóisialta agus suíomh gréasáin chun nuashonruithe a fháil.

3) Buaiteoir Dhuais Booker 2007 Anne Enright, údar The Gathering, i gcomhrá le Nuala O'Connor

Dé Máirt, an 14 Bealtaine ag 6.30pm

Eiseofar na ticéid go luath – coinnigh súil amach ar ár meáin shóisialta agus suíomh gréasáin chun nuashonruithe a fháil.

4) Buaiteoir Dhuais Booker 1993 Roddy Doyle, údar Paddy Clarke Ha Ha Ha, i mbun comhrá le Rob Doyle

Dé Máirt, an 11 Meitheamh ag 6.30pm

Eiseofar na ticéid go luath – coinnigh súil amach ar ár meáin shóisialta agus suíomh gréasáin chun nuashonruithe a fháil.

-----

Is é an cláreagraí liteartha Alan Hayes coimeádaí na sraithe.