Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Turas um Fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus Phobail | Turas Fáilte

Suíomh
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 P638
Spriocphobal
Foghlaim ar feadh an tSaoil agus Pobail
Fad ama
30 nóim
Cineál acmhainne
Turas Treoraithe ar an Taispeántas
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Suíomh
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 P638
Spriocphobal
Foghlaim ar feadh an tSaoil agus Pobail
Fad ama
30 nóim
Cineál acmhainne
Turas Treoraithe ar an Taispeántas
Praghas
Saor in aisce, áirithint ag teastáil
Cuireann treoraí mionghné i mósáic an urláir in iúl do ghrúpa cuairteoirí ag an mbealach isteach chuig Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Ar an Láthair
Introduction Text
Soláthraíonn an fháilte tosaigh seo seisiún eolais beag d’fhoghlaimeoirí fásta a thugann cuairt ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann don chéad uair.

Cuimsíonn an turas seo mioneolas tosaigh ar stair agus ar obair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, chomh maith le heolas ar na seirbhísí leabharlainne atá ar fáil don phobal.

Ag críochnú le réamhrá ar thaispeántas Saol agus Saothair WB Yeats, tugtar cuireadh do chuairteoirí deireadh a chur lena gcuairt le closturas buaicphointí chun tuilleadh iniúchadh a dhéanamh ar fhilíocht WB Yeats.                                                                                                                                                                                 

Tá an turas seo feiliúnach d’úsáideoirí leabharlainne nua agus rialta agus maireann sé thart ar 30 nóiméad le deis ceisteanna a chur ar feadh an ama. 

Tabhair do d'aire:ní áirítear cuairt ar an Seomra Léitheoireachta mar chuid den turas seo.

Fiosraigh Anois: Turas um Fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus Phobail | Turas Fáilte

Go raibh maith agat as spéis a léiriú i seisiún a chur in áirithe lenár bhfoireann. Comhlánaigh an fhoirm thíos leis an oiread sonraí agus is féidir. Cé nach foirm áirithinte í seo agus nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbeadh am seisiúin ar leith ar fáil, beidh ball den fhoireann i dteagmháil leat a luaithe is féidir maidir le do cheist. Táimid ar fáil freisin tríd an ríomhphost ag learning@nli.ie.
Turas um Fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus Phobail | Turas Fáilte
Tabhair faoi deara go bhfuil níos mó ná am amháin ann.
Cabhraigh linn an t-eispéireas is fearr is féidir a sholáthar trí aon eolas ábhartha breise a lua i.e. sainspéiseanna, riachtanais bhreise, má tá súil agat cuairt a thabhairt ar roinnt láithreacha de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann srl.

Déanfaidh NLI na sonraí pearsanta a thabharfaidh tú dúinn a phróiseáil de réir ár Ráitis Príobháideachais Sonraí.

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie