Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Acmhainn In-íoslódáilte | Béaloideas agus Síscéalta na hÉireann i Saothar WB Yeats

Spriocphobal
Iar-Bhunscoil
Cineál acmhainne
Acmhainn In-íoslódáilte
Spriocphobal
Iar-Bhunscoil
Cineál acmhainne
Acmhainn In-íoslódáilte
Image of an illustration published by Cuala Press featuring an extract from the poem "The Song of Wandering Aengus" by WB Yeats

Illustration by Victor Brown featuring an extract from The Song of Wandering Aengus by WB Yeats, published by Cuala Press (PD 2160 TX 24)

Ar Líne
Introduction Text
Cuireann an acmhainn in-íoslódáilte seo tús eolais ar fáil do scoláirí maidir le foinsí príomha agus tánaisteacha ó bhailiúchán Yeats i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Fiosrófar sa phacáiste gníomhaíochta in-íoslódáilte seo suim phearsanta WB Yeats i mbéaloideas na hÉireann le fócas ar dhánta amhail “The Song of Wandering Aengus” agus “The Stolen Child.” Tá sé oiriúnach do dhaltaí atá ag gabháil don Teastas Sóisearach ón 1ú go dtí an 3ú Bliain nó do rang idirbhliana. 

Spreagann sé scoláirí chun foghlaim faoi thionchar bhéaloideas agus síscéalta na hÉireann ar scríbhneoireacht WB Yeats agus ar bhonn níos leithne faoi Athbheochan Liteartha na hÉireann. Ag úsáid príomhfhoinsí amhail lámhscríbhinní bunaidh, iarrtar ar na scoláirí scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar ghlac Yeats inspioráid ó shíscéalta agus ó bhéaloideas ina chuid saothair liteartha. 

Tá sé deartha mar ghníomhaíocht neamhspleách is féidir a úsáid sa seomra ranga nó sa bhaile. Cuireann sé go mór freisin le cuairt ar thaispeántas NLI, Yeats: Saol agus Saothar William Butler Yeats. Tá an pacáiste gníomhaíochta seo le híoslódáil saor in aisce. Chun leagan den phacáiste gníomhaíochta a iarraidh is féidir a chomhlánú ar ríomhaire nó táibléad, seol ríomhphost chuig learning@nli.ie

Tá treoir mhúinteora san áireamh sa phacáiste ceachta, mar aon le clár ábhair agus naisc chuig acmhainní breise.

Íoslódáil an PDF

Más féidir linn aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie