Clár Earraigh Live Aid 2026
- Ar an láthair
An t-earrach seo, leanann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leis an gceiliúradh ar Live Aid agus séasúr nua d’imeachtaí beoga againn.
An t-earrach seo, leanann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leis an gceiliúradh ar Live Aid agus séasúr nua d’imeachtaí beoga againn.
An geimhreadh seo, tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag comóradh an 40ú bliain de Live Aid, na ceolchoirmeacha domhanda a thug 1.6 billiún lucht féachana le chéile i mí Iúil 1985.
Léiríonn ár dtaispeántas nua sa Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Barra an Teampaill, grianghraif iontacha ó Chartlann Iontaobhas Band Aid. Tugann sé deis neamhchoitianta dúinn athchuairt a thabhairt ar atmaisféar, scála agus tionchar na nóiméad cultúrtha éachtach seo.
Is deis é taifead grianghrafadóireachta na n-ealaíontóirí a ghlac páirt sa ‘Global Jukebox’ a fheiceáil agus féachaint ar ghearrscannán a coimisiúnaíodh go speisialta ina n-úsáidtear níos mó de na grianghraif ón NLI chun an t-eispéireas dochreidte a roinn 1.6 billiún duine ar fud an domhain air in aon lá amháin a ghabháil. Ceithre scór bliain ar aghaidh ó na ceolchoirmeacha iomráiteacha i Londain agus Filideilfia in 1985 go dtí na cinn níos lú san Astráil, sa tSeapáin agus san Ísiltír, athghabhann siad cruthaitheacht, pobal agus spiorad na gceolchoirmeacha bunaidh.
Dé Sathairn 15 Samhain, 2-4 p.m. | An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Chruinnithe, Barra an Teampaill
Saor in aisce. Buail isteach (bí ann go luath más mian leat caife a fháil go cinnte).
► Lá Comhpháirtíochta na hAetóipe
Dé Sathairn, 22 Samhain, 1.30–4.00 p.m. | Príomhfhoirgneamh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara
Saor in aisce. Áirithint riachtanach.
Déardaoin, 27 Samhain, 6.30–8.30 p.m. | An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Chruinnithe, Barra an Teampaill
Saor in aisce. Clárú riachtanach.
► Seanchoíche: Oíche Scéalaíochta
Déardaoin, 4 Nollaig, 6.30–10.00 p.m. | An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Chruinnithe, Barra an Teampaill
Tá na ticéid don imeacht seo lán- liosta feithimh amháin
► Turais Lóin an Choimeádaí | Taispeántas Live Aid
1-2 p.m., Dé Máirt 25 Samhain, Dé Máirt 2 Nollaig, agus Dé Máirt 3 Nollaig | An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Chruinnithe, Barra an Teampaill
Saor in aisce. Áirithint riachtanach.
Más féidir lenár bhfoireann cabhair a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie.
Sa taispeántas seo, rinneadh ní ba mhó ná seachtó grianghraf agus íomhá a choimeád go cúramach ó Chartlann Iontaobhas Band Aid, a bronnadh go fial ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) in 2017.
Trí shraith de thaispeántais iontacha, tugann an taispeántas an lucht féachana ar thuras amhairc de cheolchoirmeacha Live Aid, ag gabháil na hullmhúcháin a rinneadh sa chúlra, an t-atmaisféar agus na léirithe íocónacha ó bhannaí agus ealaíontóirí ar an dá thaobh den Atlantach de réir mar a chuaigh an lá ar aghaidh.
Ó Status Quo, U2 agus David Bowie i Londain, go Black Sabbath agus Run DMC in Filideilfia, tumann Live Aid i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann cuairteoirí i scála agus spiorad an imeacht íocónach seo ón ndlúthchaidreamh atá sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta.
Tá an taispeántas saor in aisce seo ar oscailt don phobal gach lá (10.00am - 4.00pm)
Bain sult as ár dtaispeántas a bhfuil gradaim buaite aige ar William Butler Yeats (1865-1939), duine de mhórscríbhneoirí an 20ú haois agus a raibh tionchar suntasach aige ar fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann nua-aimseartha.
Tarraingítear sa taispeántas ar mhíreanna ó Bhailiúchán Yeats de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, na bailiúcháin is mó leabhar, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann le WB Yeats ar domhan.
Fiosraigh iliomad spéiseanna Yeats – Éire, litríocht, béaloideas, amharclannaíocht, polaitíocht, misteachas, agus asarlaíocht. I measc bhuaicphointí an taispeántais tá lámhscríbhinní de go leor de na dánta is mó a bhfuil tóir orthu de chuid Yeats, lena n-áirítear “The Lake Isle of Innisfree” agus “Easter, 1916”, a bhonn Duais Nobel, déantáin phearsanta ó thuairiscí scoile Yeats go píosa snoite lapis lazuli, grianghraif iontacha de Yeats agus a chlann agus a chairde, agus go leor eile.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag exhibitions@nli.ie
Ard-Oifig an Phoist agus Sráid Uí Chonaill tar éis Éirí Amach na Cásca,Bailiúchán Grianghrafadóireachta Keogh, Bealtaine 1916 (Ke 121)
Sa taispeántas ar líne seo, taispeánann bailiúcháin shaibhre agus ilghnéitheacha Leabharlann Náisiúnta na hÉireann cúlra stairiúil, agus príomhdhaoine agus áiteanna Éirí Amach 1916.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie
Helen Hooker O'Malley © Iontaobhas Dealbhóireachta Helen Hooker O'Malley Roelofs, Ollscoil Luimnigh
Sa taispeántas ar líne seo, faigh amach faoin ngrá atá ag Helen Hooker O’Malley do thírdhreach, stair, agus do mhuintir na hÉireann, agus cén fáth ar dúirt sí “Ireland gave me the greatest outlet towards creative heaven".
Bhronn Helen Hooker O'Malley os cionn 1,200 dá saothar grianghrafadóireachta do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in 1992, an bhliain sular bhásaigh sí. Tagann beagnach na saothair seo ar fad ó na 1970idí.
Rugadh i Meiriceá í, bhí Éire mar bhaile ag Helen tar éis di an scríbhneoir agus an réabhlóidí Éireannach, Ernie O'Malley a phósadh in 1935. Cé gur tháinig deireadh lena bpósadh in 1952, d’fhan a grá d’Éirinn seasta ar feadh a saoil.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie
Le blianta fada de ghníomhaíocht aerach, ghlac Christopher Robson na mílte grianghraf. In 2015, de réir mhianta Christopher, bhronn a pháirtí Bill Foley 2,000 grianghraf go fial ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ó 1992-2007, go leor díobh ag taifeadadh máirseálacha Bhród Bhaile Átha Cliath.
Cinntíonn siad seo ionadaíocht LADT+ i scéal na hÉireann. Sa taispeántas seo, déanaimid ceiliúradh ar na grianghraif sin, agus déanaimid ceiliúradh ar Christopher Robson, fear neamhghnách a chónaigh le Bród.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie
Daoine ag acomhal Shráid Nassau, Sráid Grafton agus Sráid Suffolk, Baile Átha Cliath, thart ar 1904 (CLAR26)
Tugann grianghraif JJ Clarke léargas ar Bhaile Átha Cliath James Joyce.
Ghlac Clarke, dochtúir leighis as Co. Mhuineacháin, na híomhánna agus é ina mhac léinn i mBaile Átha Cliath idir 1897 agus 1904. Tá a chur chuige iontach mar shampla luath de stíl fóta-iriseoireachta nua-aimseartha, dírithe ar mhuintir Bhaile Átha Cliath seachas ar ailtireacht na cathrach.
Léirítear sa taispeántas seo a thaifead beoga ar mhuintir Bhaile Átha Cliath ag casadh an fhichiú chéid.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie
Lár Chathair Bhaile Átha Cliath i ndiaidh Éirí Amach 1916 (PD C55)
Fiosraigh tíreolaíocht Éirí Amach 1916 trí bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Bhí Baile Átha Cliath mar chroílár na gníomhaíochta in Éirí Amach na Cásca 1916 in aghaidh riail na Breataine in Éirinn, ach bhí pócaí troda fíochmhara i gceist i gcontaetha na Gaillimhe, na Mí agus Loch Garman freisin. Nochtar sna léarscáileanna, grianghraif, priontaí, agus lámhscríbhinní scéalta na ndaoine agus na n-áiteanna a bhí páirteach san Éirí Amach ar fud na hÉireann.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie
Poblacht na hÉireann - Cóip d’Fhorógra Phoblacht na hÉireann (EPH G102)
Ba phointe cinniúnach i stair na hÉireann é Éirí Amach 1916. Sa taispeántas ar líne seo, faigh tuilleadh eolais faoi na fir a shínigh an Forógra trí ghrianghraif, litreacha agus earraí inbhailithe.
Ar Luan Cásca 1916, tráth a raibh Éire mar chuid lárnach de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, d’fhógair seachtar fear Éireannach bunú Phoblacht na hÉireann, agus iad féin á n-ainmniú mar rialtas sealadach aici. In éineacht le 1,600 leantóir nach raibh mórán arm acu, chuir siad fúthu i bhfoirgnimh fheiceálacha i mBaile Átha Cliath. Faigh amach cad a tharla ina dhiaidh sin agus an tionchar a bheadh aige ar réabhlóid na hÉireann.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie