Home, National Library of Ireland
Roghchlár

I gCuimhne ar Paul Léon (1893-1942)

Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe: Machnamh ar Shaol i Litreacha le Niall Burgess, Ambasadóir na hÉireann chun na Fraince, agus Maurice Cotter, Ataisé Polaitiúil agus Cultúir, Ambasáid na hÉireann chun na Fraince

Dé Sathairn, 27 Eanáir 2024
Sa ghrianghraf tá: Paul agus Lucie Léon

Sa ghrianghraf tá: Paul agus Lucie Léon © Muintir Léon

Naoi gclúdach litreach déag séalaithe ina bhfuil comhfhreagras príobháideach agus gnó idir James Joyce agus Paul Léon sna blianta 1930-1940, chomh maith le comhfhreagras gnó nó eile de chuid Paul Léon a bhain leis an Uasal Joyce, lena theaghlach nó lena shaothar. Is le Paul Leon, 27 rue Casimir, Páras é seo. Le tabhairt ar ais dó arna iarraidh sin dó. I gcás a bháis le tabhairt don Uasal James Joyce. I gcás an bheirt sin a bheith marbh, le cur i dtaisce i Leabharlann Phoiblí na hÉireann nó i Músaem na Breataine chun go mbeidh fáil air i gcomhair úsáid liteartha caoga bliain tar éis bhás an Uasail Joyce ...

I mí Mheán Fómhair 1940, thug fear caol, a raibh croiméal air agus gnéithe géarghnúiseacha aige, naoi gclúdach litreach déag do Leagáid na hÉireann i bPáras, an Cunta O'Kelly, ionadaí taidhleoireachta na hÉireann don Fhrainc a bhí faoi fhorghabháil na Naitsithe. Ba é Paul Léon an fear sin. Taobh istigh de na clúdaigh litreach bhí oidhreacht luachmhar don litríocht nua-aimseartha agus d’Éirinn, cnuasach comhfhreagrais atá anois i gcroílár bhailiúcháin Joyce na Leabharlainne Náisiúnta. Tugann na litreacha léargas ar na deich mbliana dheireanacha de shaol Joyce - a chuid fadhbanna airgid, sláinte a bhí ag dul in olcas, a chuid iarrachtaí chun Ulysses agus Finnegan’s Wake a fhoilsiú, agus an bhuairt a bhí air maidir lena iníon, Lucia.

D’éirigh Léon agus Joyce cairdiúil lena chéile i bPáras sa bhliain 1928. As sin go 1940, chas siad ar a chéile go minic ag árasán Léon ar rue Casimir. Bhí Léon ina anamchara dílis ag Joyce, agus ina chomhairleoir dlí agus airgeadais ó am go ham. De réir mar a chuaigh radharc Joyce i léig, shuíodh é féin agus Léon ag bord cúng chun profaí gaille Finnegan’s Wake a cheartú, tasc mionchúiseach i bhfianaise shaintréithiúlacht théacs an leabhair úd.

Dúirt mac Léon, blianta ní ba dhéanaí, go bhfaca siad beirt a scáil deoraíochta féin ina chéile: Theith Joyce ó Éire, tír a cheap sé a bhí leatromach. Theith Léon ó Réabhlóid na Rúise. Bhí Léon ina Ghiúdach agus ba de theaghlach saibhir é, teaghlach a bhí monaplacht acu ar easpórtáil gráin chuig na tíortha Baltacha go dtí an Chéad Chogadh Domhanda. Léirigh an méid a thit amach sa saol mór in 1917 go soiléir tapa nárbh áit shábháilte í an Rúis a thuilleadh do mhuintir Léon. Mar sin, ar aghaidh go Páras leo, áit a mbeadh Léon ina shaineolaí maidir le beirt fhealsúna mór le rá: Rousseau an radacach agus Constant an liobrálach. Ba é an grá a bhí aige do litreacha an chúis ar casadh Joyce air ar an gcéad dul síos, agus uaidh sin a chuir bealach air féin go dtí Leagáideacht na hÉireann sa bhliain 1940.

Theith muintir Joyce agus muintir Léon Páras nuair a ghabh na Naitsithe é, agus bhuail siad le chéile arís i sráidbhaile Saint-Gérand-le-Puy. Ba é sin an áit dheireanach ar chónaigh Joyce sa Fhrainc. Bhí cuimhne ag bean Paul, Lucie, ar an mbeirt chairde ag spaisteoireacht le chéile uillinn ar uillinn ar an mbóthar go Lyon, nó ina suí in aghaidh crann leagtha, uaireanta ag labhairt, uaireanta ina dtost. ‘Is cosúil go raibh deireadh leis an tubaiste sa Fhrainc,’ a scríobh Lucie. 'Bhíomar ag marcáil ama.' Thabharfadh Joyce aghaidh go gairid ina dhiaidh sin ar Zurich, áit a bhfaigheadh sé bás sa bhliain 1941. D’fhág muintir Léon Saint‑Gérand‑le‑Puy chomh maith tar éis cinneadh cinniúnach a dhéanamh filleadh ar Pháras.

Is deacair a shamhlú sa lá atá inniu ann go ndéanfadh teaghlach Giúdach cinneadh filleadh ar áit a raibh faoi fhorghabháil na Naitsithe. Scríobh Alexis gur ghlac a athair an cinneadh go pointe áirithe toisc nár mheas sé gur fear ‘polaitiúil’ a bhí ann, agus go pointe eile ar chúiseanna ní ba phrósaí: theastaigh uaidh a leabhar faoi Rousseau a chur i gcrích agus theastaigh uaidh go ndéanfadh a mhac a baccalauréat. Tá a fhios againn anois gur chuma leis na Naitsithe cé acu a bhí baint ag Giúdach leis an bpolaitíocht nó nach raibh, ach sa bhliain 1940 ní raibh sé chomh soiléir sin do an-chuid daoine, muintir Léon ina measc, a uafásaí a bhí an tUileloscadh i ndáiríre agus cé chomh dainséarach a bheadh sé filleadh ar Pháras.

Ghabh an Gestapo Paul Léon ar an 21 Lúnasa 1941. Bhí sé ina chuid den chéad grúpa daoine a gabhadh lena n-aistriú go campa coinneála a mbeadh clú air ar deireadh mar an campa coinneála ba mheasa sa Fhrainc. Pobal nua-aoiseach uirbeach ab ea Drancy a bhí lán le bloic árasán ardstóracha, agus d’úsáid na Naitsithe iad mar a lárionad coinneála agus díbeartha sa Fhrainc. An lá dár gcionn, thosaigh sé ag scríobh litreacha chuig Lucie, é ag déanamh taifead ar a chuid ama sa champa. D’oibrigh Lucie go deonach don Chros Dhearg chun rochtain a fháil ar Drancy, agus cé nach raibh an bheirt acu in ann labhairt lena chéile riamh, bhí siad in ann comhfhreagras a smuigleáil isteach agus amach as an gcampa, agus súil a leagan ar a chéile ó chian fiú.

Tugtar i litreacha Paul cuntas ar an uafás fisiciúil agus spioradálta a bhain le Drancy. Tosaíonn siad dóchasach, ach éiríonn siad níos éadóchasaí de réir a chéile de réir mar a théann na dálaí sa champa in olcas - róphlódú, ciondálacha gannchothaithe agus galar. Uaireanta, bíonn bia ina údar imní lárnach, dúghafach. Déanann sé cur síos ar an tinneas agus na pianta atá ar fud a choirp. De réir mar a théann a riocht in olcas, athraíonn a theanga, ón bhFraincis a d’úsáid sé ina shaol (intleachtúil) mar dhuine fásta, go Rúisis a óige.

Fiú nuair is iad fadhbanna an choirp an chloch is mó ar a phaidrín, tá carachtar éachtach Léon agus a ghrá do litreacha le sonrú go soiléir. Scríobhann sé chuig Lucie lena chur in iúl di go dteastaíonn uaidh féachaint siar ar Ulysses (taobh le Beckett), a chuid cuimhní de Joyce a bhailiú, agus leanúint lena shaothar ar Constant agus Rousseau. Tá a chuid trioblóidí le brath trí lionsa na litríochta fiú:

Titeann mo cheann, ní ón gcodladh, ach ó marbhántacht. ‘My how his head falls’, sin ó Anna LiviaFinnegan's Wake], agus téann sé i bhfeidhm mar thitim isteach i bhfolús mór

Is foinse sóláis í an litríocht sna hamanna is dorcha. I gceann de litreacha deireanacha Léon ó Drancy, tugann sé aghaidh, ar ndóigh, ar a mhuintir.

A stór, rinneadh muid a chomhaireamh agus beimid ag fágáil amárach, cén áit nó cén chaoi níl a fhios agam… Ba mhaith liom go gcuimhneoidh tú ar an gcúram ar fad a thug mé duit agus do Alexis… guím le Dia ar do shon féin agus ar shon Alexis agus [mo fíorchairde go léir]. Tá súil agam go bhfeicfidh mé arís thú, ach níl dóchas láidir agam… Ach an rud is tábhachtaí domsa ná a rá leat go bhfuil grá agam duit mar a bhí grá agam duit fiche bliain ó shin, agus mura bhfeicim arís thú – beidh grá agam duit go deo na ndeor. Go gcoinní Dia sibh, thú féin agus Alexis. Déanaim croí isteach leat, mar is tusa mo ghrá. Go deo na ndeor, Paul.

Ó Drancy, cuireadh Léon go campa iompair Compiègne ar dtús, sula ndearnadh é a dhíbirt go Silesia ar deireadh. Dúnmharaíodh é ar na ráillí traenach idir Auschwitz agus Birkenau.

Drancy internment camp

Drancy internment camp, August 1941

Labhair an t-iriseoir Polannach agus marthanóir Auschwitz, Marian Turski, ag comóradh 75 bliain ó shaoradh an champa ceithre bliana ó shin, gar don áit ar dúnmharaíodh Paul Léon. 'Níor thit Auschwitz ón spéir go tobann. Dhruid Auschwitz leis, ag gabháil ar aghaidh le céimeanna beaga, ag bogadh níos gaire agus níos gaire, go dtí gur cuireadh tús leis na rudaí a tharla anseo.’ Cuntas pianmhar, corraitheach atá i litreacha Léon ó Drancy agus is é fírinne an scéal go bhfuil siad ina gcartlann chomh tábhachtach céanna, ina mbealach féin, leis an gcartlann de shaothar Joyce a chuir sé é féin sa bhearna bhaoil lena fáil ar ais.

Tá Éire agus an Leabharlann Náisiúnta go mór faoi chomaoin Paul Léon. Ní haon áibhéil a rá go bhfuil na páipéir a fuair sé agus ar thug sé aire dóibh i gcroílár staidéar na linne seo ar Joyce. Nuair a chríochnaigh Seán Ó Mórdha a chlár faisnéise ar James Joyce sa bhliain 1983, rinne sé taifead ar chuimhní Alexis Léon ar chomhoibriú a athar le Joyce. Rinneadh scannánú air in árasán Léon ar rue Casimir. Chuir sé teideal ar a chlár faisnéise i bhfoirm ceiste: ‘An bhfuil duine ann a thuigeann mé? Má bhí duine ann riamh, ba é Paul Léon an duine sin. Agus Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe á chomóradh againn, slí amháin chun an chomaoin a chúiteamh leis na daoine a dúnmharaíodh ná machnamh a dhéanamh siar ar shaol agus bás an duine iontaigh sin – duine amháin as sé mhilliún.

-----------

Tá litreacha Paul Léon bailithe in James Joyce agus Paul L Léon: The Story of A Friendship Revisited, curtha in eagar ag Alexis Léon, Anna Marie Léon (iníon céile Paul), agus Luca Crispi.

Pictured: Paul and Lucie Léon

Pictured: Paul and Lucie Léon © The Léon family