Achoimre ar an gcomhdháil
Ó 2015 i leith, tá DPASSH, eagraithe ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI), ag tabhairt deis do thaighdeoirí, acadóirí, institiúidí oidhreachta cultúrtha agus taighde, leabharlanna, cartlanna agus gairmithe ón tionscal atá ag díriú ar chartlannú agus ar chaomhnú, chun na forbairtí is déanaí a bhaineann le taighde agus obair thionscadail a phlé.
Ba é téama na comhdhála i mbliana ná ‘súgradh’ agus tarraingíodh aird ar na straitéisí cruthaitheacha laethúla a thacaíonn le comhoibriú idir gairmithe cartlannaithe/caomhnaithe dhigitigh agus iad siúd atá ag obair sna hearnálacha forbartha bogearraí, oideachais agus ealaíon. Glactar le comhoibriú mar phríomhluach straitéiseach de chuid NLI, agus tá sé mar aidhm le cuid dár mBeartas Caomhnaithe Dhigitigh eolas, acmhainní agus scileanna a roinnt ionas gur féidir bailiúcháin dhigiteacha a chaomhnú agus a chur ar fáil do thaighdeoirí agus don phobal.
Tá bailiúcháin dhigiteacha leochaileach, agus d'fhéadfadh sé a bheith deacair ábhar a chaomhnú ionas go mbeidh úsáideoirí in ann rochtain a fháil ar a leithéid sin d'ábhar amach anseo. Cabhraíonn comhdhálacha cosúil le comhdháil DPASSH le baill foirne NLI atá ag obair ar na Cartlanna Digitghinte, Cartlanna Gréasáin agus leis na foirne Caomhnaithe Dhigitigh chun a gcuid oibre a roinnt agus chun foghlaim ó dhaoine eile atá ag obair sa réimse céanna chomh fada is a bhaineann leis an obair atá á déanamh acu ar bhailiúcháin digitghinte NLI.
NLI ag DPASSH
Bhí slua breá as NLI i mbun cainte ag an gcomhdháil. Forbraíodh póstaer inar tugadh léargas ar an obair atá á déanamh ag an bhfoireann Cartlainne Gréasáin agus rinne Della Keating agus Kieran O’Leary píosa cainte maidir le cur chuige bunaithe ar ‘Chostas Iomlán Maoirseachta’ i ndáil le bailiúcháin dhigiteacha a fhorbairt.
Mhínigh Della agus Kieran an tslí ar bhain an fhoireann Bailiúchán Digiteach úsáid as an tsamhail 'Costas Iomlán Maoirseachta' mar spás d'fhoireann na Cartlainne Digitghinte agus Caomhnaithe Dhigitigh chun a bheith ag súgradh agus chun a scileanna a fhorbairt ionas gur féidir maoirseacht agus caomhnú ceart a dhéanamh ar na bailiúcháin dhigiteacha atá faoina gcúram ionas go mbeidh rochtain ag úsáideoirí NLI orthu.
NLI Web Archive poster by Web Archivist Padraic Stack
Kieran O'Leary at DPASSH
I measc bhuaicphointí eile na comhdhála bhí cainteanna agus ceardlanna maidir le hábhair éagsúla lena n-áirítear eolas a roinnt le cartlannaithe digiteacha maidir le Python, HTML, CSS agus JavaScript, trí úsáid a bhaint as dearadh cluichí bunúsach, tionscadal an Néil Eorpaigh maidir leis an Eolaíocht Oscailte i ndáil le Príomhphróisis Chaomhnaithe chun cartlann dhigiteach iontaofa a chruthú, úsáid a bhaint as aipeanna chun cabhrú leis an bpobal chun eolas maidir le hoidhreacht i Luimneach a bhailiú, rochtain a thabhairt do dhaoine ar bhailiúcháin ar líne trí Mhapaí Scéala, digitiú 3T de Chartlann Guinness, agus na dúshláin a bhaineann le comhaid a chaomhnú ó bhogearraí táirgthe fuaime i gcartlanna an Cheoltóra Snagcheoil, Ahmad Jamal agus rochtain a thabhairt d'úsáideoirí ar na comhaid seo.
Sampla iontach amháin den obair chruthaitheach atá á déanamh sa réimse ba ea an cluiche ‘Caomhnú agus Priacail’ a dhear Rachel Appel agus Pax Crowley. Tá an cluiche bunaithe ar Dungeons and Dragons (dísle san áireamh) agus deartha chun cabhrú le baill foirne taisclann dhigiteach iontaofa a chruthú chun oidhreacht dhigiteach a chosaint trí thástáil (nó tóraíocht) cásanna áirithe a d'fhéadfadh a bheith i gceist.
Preservation & Perils character sheet
Rachel Appel and Pax Crowley using D&D quest structures to work through digital preservation challenges
Is mian linn buíochas a ghabháil le foireann DRI agus Ollscoil na Banríona agus PRONI freisin as comhdháil iontach a eagrú go héifeachtach. Imeacht breá a bhí ann a spreag neart plé spéisiúil agus comhoibrithe.