Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ag Bailiú Stair na hÉireann

Taispeántas sealadach nua ar ár n-áitreabh ar Shráid Chill Dara

Dé Luain, 29 Meán Fómhair 2025
A glass display case with roll up banner

Ag athshamhlú agus ag atógáil thaifid chaillte stair na hÉireann.

Bhí Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann ag obair le leabharlanna ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe chun taifid chaillte a athaimsiú. 

Ar an 30 Meitheamh, 1922, scrios tine Oifig Taifead Poiblí na hÉireann chomh maith lena bailiúchán doiciméad. Síleadh gur cailleadh seacht gcéad bliain de thaifid Éireannacha go deo. Ina ainneoin sin, tá a lán cóipeanna agus doiciméad gaolmhara á n-aimsiú anois in institiúidí ar fud an domhain. 

Tá bailiúcháin de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann saibhir ó thaobh ábhar Éireannach de. Idir Léarscáileanna Túdaracha agus fhorógraí ríoga sa nua-aois agus bhunchóipeanna deimhnithe de chuid Oifig Taifead Poiblí na hÉireann, líonann cuid mhaith d'earraí na Leabharlainne na bearnaí a d’fhág an tine mhillteach.

Pléann an taispeántas seo na bealaí éagsúla a dtugadh fúthu chun lámhscríbhinní Éireannacha stairiúla ó na 700 bliain anuas a bhailiú; agus ról na leabharlann ar ábhair chaillte a chaomhnú agus a athaimsiú. Agus cúnamh coimeádaithe doiciméad scaoilte, cóipeálaithe ársaíochta, agus bailitheoirí fad saoil á rianú, pléann an taispeántas seo na naisc atá ann idir bailiú príobháideach agus institiúideach agus an chaoi a bhfuil a n-iarrachtaí le chéile ag cabhrú le cartlann chaillte a atógáil. 

Tionscnamh de Chóras Leabharlainne Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann arna choimeád ag an Dr Sarah Hendriks. Arna thacú ag Rialtas na hÉireann le maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt, agus Meán faoi Thionscadal Éireann 2040. Foghlaim tuilleadh anseo.

Leabharlanna i gcomhpháirtíocht: 

  • Leabharlann Bodeleian, Oxford 
  • Leabharlann na Breataine 
  • An Leabharlann Ollscoile, Cambridge
  • Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
  • Acadamh Ríoga na hÉireann
  • Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Tá dhá chás taispeántais gloine sa taispeántas sealadach seo a bhfuil bunearraí ó bhailiúcháin NLI iontu agus tá sé suite in 'Oifig an tSeanstiúrthóra' ar an lámh dheas den halla tosaigh ar uimhir 7/8, Sráid Chill Dara. Beidh léiriú poiblí air ón 1 Meán Fómhair chuig an 30 Deireadh Fómhair, 2025.

VRTI Collecting Ireland's history logo