Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Suaimhneas Síoraí, Liam Bluett

Dé Máirt, 19 Bealtaine 2026
Dr Audrey Whitty and Liam Bluett with a collection of his photos

Bhí an-bhrón orainn go léir nuair a fuaireamar scéala maidir le bás Liam Bluett. Is mian linn ár gcomhbhrón a chur in iúl dá bhean chéile, Annette, dá pháistí, Kate, Rory, agus Fiona, dá gharpháistí agus dóibh siúd ar fad a raibh aithne acu air.

Cara agus bronntóir de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ba ea Liam. Tá taifead saibhir d'aisteoirí cáiliúla Éireannacha a bhaineann le tréimhse breis is caoga bliain cruthaithe aige ina bhailiúchán grianghraf agus síniúcháin, agus tá an bailiúchán á choinneáil slán sábháilte anseo sa Leabharlann áit a mbeidh teacht air ag taighdeoirí agus ag an bpobal sna blianta atá le teacht.

Dúirt an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir NLI:

“Ghoill an scéala maidir le bás Liam go mór orainn. Cara flaithiúil de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ba ea Liam agus táimid fíorbhuíoch dó as gach rud a thug sé dúinn.“

Féach ar an mbailiúchán: Bailiúchán Bluett de Ghrianghraif Shínithe d'Aisteoirí Éireannacha.