Thosaigh Paul Durcan ag scríobh sna 1960idí agus d'fhoilsigh sé breis is 20 leabhar le linn a ghairme beatha ar leith. I measc na ngradam a bronnadh air, bhuaigh sé Gradam Whitbread Poetry, 1990 as "Daddy, Daddy." Agus é mar bhall den Aos Dána, ba é Ollamh Éigse Éireann ó 2004 go 2007 agus fuair Gradam Saoil ag Gradaim Leabhair na hÉireann in 2014.
In 2024, fuair NLI an dara mórbhailiúchán is aige de chuid pháipéir Durcan. Sa chartlann seo, a chlúdaíonn na 1960idí go dtí an lá atá inniu ann, tá na céadta ceann dá leabhair nótaí, dréachtaí le nótaí, litreacha agus ábhair phearsanta. In éineacht leis na cáipéisí a fuarthas in 2006, cinntítear leis an méid seo a fháil go gcaomhnófar oidhreacht liteartha Durcan go buan le go mbeidh na glúnta amach anseo in ann machnamh agus staidéar a dhéanamh uirthi agus meas a léiriú di.
Dúirt an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir NLI:
“In 2024, ba mhór an onóir do NLI bailiúchán suntasach de pháipéir Paul Durcan a fháil. Léiríonn na páipéir seo conas mar a d'fheidhmigh an intinn nuálach agus chruthaitheach seo.”
Táimid ag smaoineamh ar a mhuintir, a chairde agus lucht a léite in Éirinn agus i gcéin. Beidh a fhocail fós le cloisteáil go gceann i bhfad.” Léigh tuilleadh faoin ábhar a fuarthas in 2024.
Tá an chéad bhailiúchán de pháipéir Paul Durcan catalógaithe ina iomlán anois agus ar fáil do thaighdeoirí – féach Míreanna Bailiúcháin: Páipéir Paul Durcan.