Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Fishamble: The New Play Company tar éis an chartlann is déanaí acu a dheonú do NLI

Déanann an compántas amharclannaíochta atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath speisialtóireacht i scríbhneoireacht nua

Dé Céadaoin, 22 Samhain 2023
Grúpa a bhfuil paimfléid acu i Seomra Sheáin Uí Chathasaigh in NLI

Ó Chlé go Deas: Laura MacNaughton, Eva Scanlan, Rachel Foran, Jim Culleton, Gavin Kostick

Tá Fishamble: The New Play Company tar éis an chartlann is déanaí acu, a chlúdaíonn an tréimhse 2013-2023, a dheonú do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI). Cuirfear an tabhartas seo le bailiúchán dá gcuid páipéar don tréimhse 1990-2012 atá i seilbh NLI cheana féin. Tá an compántas amharclannaíochta, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, tiomanta d'fhionnachtain, d'fhorbairt agus do léiriú saothar nua i réimse na hamharclannaíochta.

Bhunaigh Jim Culleton, Gavin Kostick agus daoine eile an Compántas in 1988 mar Pigsback, nuair a bhí siad ina mic léinn i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD). Tharla an chéad turas mór de chuid Pigsback in 1988 mar shéasúr samhraidh in Players Theatre (TCD), áit ar chuir siad West le Steven Berkoff agus The Riot Act le Tom Paulin ar stáitse. De réir a chéile d'athraigh a bhfócas chuig scríbhneoireacht nua a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Sa bhliain 1997, d'athraigh an compántas a ainm go Fishamble in ómós do Shráid Fishamble Bhaile Átha Cliath, áit ar bhunaigh Robert Owenson an chéad amharclann a bhí tiomanta do dhrámaí nua Éireannacha a léiriú in 1784. Tá go leor duaiseanna buaite ag Fishamble, lena n-áirítear Gradam Laurence Olivier, an Scotsman Fringe First, an Dublin Fringe, an Amharclann is Fearr dar le Forbes, agus Gradaim Amharclannaíochta an Irish Times.

Cuimsíonn an tabhartas is déanaí seo na 10 mbliana deireanacha de Fishamble: The New Play Company. Cuimsíonn sé dréacht-scripteanna, cóipeanna léiriúcháin agus cleachtaidh, fógráin agus bróisiúir do dhrámaí a léirigh Fishamble idir 2013 agus 2023, lena n-áirítear iad siúd le Rosaleen McDonagh, Pat Kinevane, Sebastian Barry, Sonya Kelly, Colin Murphy, Eva O'Connor agus Deirdre Kinahan.

Ag labhairt di agus an chartlann is déanaí á tabhairt don Leabharlann, dúirt Ciara Kerrigan, Coimeádaí Cúnta I - Bailiúcháin Speisialta agus Oifig an Phríomh-Arailt ag NLI: "Tá ríméad ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ábhar breise a fháil le cur le Cartlann Fishamble: The New Play Company. Tá clú agus cáil ar Fishamble as amharclannaíocht cheannródaíoch a léiriú. Thacaigh sé le scríbhneoirí nua agus nuálacha agus tá a réimse domhanda tar éis a áit a dhaingniú mar cheann de na compántais amharclannaíochta is tábhachtaí in Éirinn. Ár mbuíochas ó chroí le Fishamble as an síntiús flaithiúil seo."
 
woman and man looking at a threatre pamphlet

Ciara Kerrigan and Jim Culleton 

hands rifling through a box of folders

"Thacaigh Fishamble le scríbhneoirí nua agus nuálacha agus tá a réimse domhanda tar éis a áit a dhaingniú mar cheann de na compántais amharclannaíochta is tábhachtaí in Éirinn."– Ciara Kerrigan, NLI