Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ceiliúradh déanta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar bhailiúchán grianghrafadóireachta Bluett a fháil

Breis agus 500 grianghraf sínithe ann d’aisteoirí Éireannacha ó na 1960idí

Dé Luain, 26 Meitheamh 2023
Dr Audrey Whitty and Liam Bluett looking down on photographic collection on a glass table

D’fhógair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) inniu (26.06.23) go bhfuil sí tar éis Bailiúchán Grianghrafadóireachta Sínithe Bluett d’Aisteoirí Éireannacha a fháil. Tá breis agus 520 grianghraf sínithe sa bhailiúchán d’aisteoirí Éireannacha ó laethanta na mbalbhscannán suas go dtí na 2020í.

Dheonaigh an bailitheoir as Contae an Chláir, Liam Bluett, an bailiúchán grianghraf don Leabharlann Náisiúnta. Tá na híomhánna sínithe á mbailiú aige ó bhuail sé le haisteoir Éireannach trí thimpiste ag aerfort in 1964. Tá idir aisteoirí ó ré na mbalbhscannán suas go dtí réaltaí na linne seo sa bhailiúchán agus tá ealaíontóirí ó áiteanna fud fad oileán na hÉireann ann. 

Is é fís an bhailiúcháin ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht shaibhir aisteoirí Éireannacha agus aisteoirí de bhunadh na hÉireann ó ardáin na hamharclainne, an scáileáin agus na teilifíse, agus aitheantas a thabhairt dá dtionchar ollmhór in Éirinn agus thar lear araon. Tá catalógú á dhéanamh ar an mbailiúchán anois agus táthar ag súil go mbeidh sé ar fáil don phobal níos deireanaí i mbliana.

Beidh beathaisnéis scríofa in éineacht le gach grianghraf sa bhailiúchán, rud a thabharfaidh tráchtaireacht don íomhá fhísiúil. I measc na ngrianghraf sínithe tá réalta Ben-Hur, Stephen Boyd; an t-aisteoir amharclainne Donal McCann; an t-aisteoir Maureen O’Sullivan as Ros Comáin, a ghlac páirt Jane in Tarzan sna 1930í; réalta Jezebel, George Brent; laoch Hitchcock, Madeline Carroll; aisteoirí de chuid Amharclann na Mainistreach Barry Fitzgerald, Arthur Shields, Sara Allgood, agus Una O’Connor; réalta na hamharclainne agus na scannán, Cyril Cusack; Siobhán McKenna; Kieron Moore, a raibh páirt aige in Darby O’Gill and the Little People, agus réalta The Quiet Man, Maureen O’Hara.  Tá aisteoirí a chónaigh in Éirinn – leithéidí Robert Shaw, Oliver Reed agus Dana Wynter - san áireamh chomh maith.

Tá áit sa bhailiúchán ag grianghraif shínithe d’aisteoirí níos nua-aimseartha, leithéidí réalta Murder, She Wrote, Angela Lansbury; Liam Neeson; Saoirse Ronan; Siobhán McSweeney – Sr Michael in Derry Girls; Colin Farrell; Killian Scott ón leiriúchán de chuid Martin McDonagh le déanaí, The Hangmen, agus David Caves a bhí ar Silent Witness de chuid an BBC. Tá Sabina Coyne, bean chéile Micheál D. Ó hUigínn, a bhfuil ceangal mór aici leis an Focus Theatre i mBaile Átha Cliath, san áireamh freisin.

Ba é an tUachtarán Ó hUigínn a scríobh brollach an bhailiúcháin. Ghabh an tUachtarán Ó hUigínn buíochas le Liam Bluett as ucht an bailiúchán a thabhairt ar láimh, agus dúirt: “Bailiúchán iontach é seo, a thugann le chéile glúnta éagsúla d’aisteoirí cumasacha Éireannacha, a bhfuil tionchar mór buan acu ar shaol na hamharclannaíochta agus na teilifíse. Is meabhrúchán tábhachtach é den bhuíochas atá tuillte ag na haisteoirí seo, a bhfuil ár spás cultúrtha saibhrithe acu, agus a bhfuil cion as cuimse acu dár sochaí.”

Dúirt an tUasal Bluett: “Tá áthas orm mo bhailiúchán a dheonú do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le gur féidir é a chaomhnú agus a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht. Cuireadh tús le m’aistear bailithe grianghraf sínithe in 1964 nuair a bhí post samhraidh agam ag Siopa Saor ó Dhleacht in Aerfort na Sionainne. Bhuail mé leis an aisteoir as Loch Garman, Dan O’Herlihy, a bhí ag filleadh ar Hollywood tar éis cuairt abhaile a thabhairt.  Fuair mé mo chéad síniúchán, agus cuireadh tús leis an mbailiúchán. 

“I gcaitheamh na mblianta, tá íomhánna bailithe agam ó mheascán d’aisteoirí ar bhuail mé leo, agus ó stiúideo scannán, amharclanna agus trí bhailitheoirí eile.   Agus mé ar an aistear seo, chuir mé aithne ar charachtair an-suimiúil ó gach chuid de shaol na hÉireann agus chuala mé scéalta dochreidte, ar cuid thábhachtach de dhlúth agus inneach ár staire iad agus a dhéanann ceiliúradh ar ár gcultúr amharclannaíochta. Agus an bailiúchán seo á thabhairt go bródúil ar láimh agam do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, tá súil agam go mbeidh sé ina thaisce thábhachtach a mbeidh gean ag na glúnta le teacht air. Tá súil agam chomh maith gur féidir obair na-n-aisteoirí seo a aithint agus a cheiliúradh ina n-áiteanna dúchais.” 

Dúirt Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta, an Dr. Audrey Whitty: “Is ábhar bróid do NLI a bheith mar choimeádaí na hÉireann ar mhórán bailiúchán náisiúnta neamhghnách agus tá áthas orainn bailiúchán fairsing grianghraf agus síniúchán Liam Bluett a fháil, ina bhfuil raon leathan d’aisteoirí cumasacha Éireannacha ón 100 bliain atá caite. Féachann an Leabharlann leis na híomhánna luachmhara seo, mar aon leis na tráchtaireachtaí beathaisnéiseacha a théann in éineacht leo, a chosaint, a roinnt agus a dhéanamh inrochtana do dhaoine ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Cuireann na grianghraif léargas tábhachtach ar fáil faoi chumhacht agus tionchar an phobail aisteoirí in Éirinn i gcaitheamh na mblianta agus déanann ceiliúradh ar a gcion cultúrtha don náisiún. Iarraim ar an bpobal teacht isteach sa Leabharlann agus an bailiúchán iontach seo a fheiceáil, agus taitneamh a bhaint as na cuimhní a bheidh á gcoinneáil go slán ag NLI do na glúnta atá le teacht.”

Beifear in ann Bailiúchán Grianghrafadóireachta Sínithe Bluett d’Aisteoirí Éireannacha a fheiceáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann níos déanaí i mbliana. 

CRÍOCH