Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Bailiúchán Bonar Law faighte ag NLI

Dé Luain, 15 Eanáir 2024
Coral Black, Eoin McVey and Dr Audrey Whitty

Coral Black, Eoin McVey and Dr Audrey Whitty

Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil bailiúchán uathúil Bonar Law de léarscáileanna, priontaí topagrafacha agus cartúin pholaitiúla faighte don Stát.

Cor cinniúnach a bhí sa sealbhú suntasach seo don bhailiúchán léarscáileanna agus priontaí a bhaineann le hÉirinn, agus bhíothas in ann an sealbhú a dhéanamh de thairbhe leithdháileadh speisialta maoinithe ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin.

Tar éis plé le Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), tá socrú iasachta déanta ag NLI le UCC socrú a fhágann go gcuirfear an bailiúchán i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Beidh an bailiúchán lonnaithe i Leabharlann UCC agus é oscailte do thaighdeoirí agus don phobal.

I measc bhuaicphointí an bhailiúcháin tá:

  • Gach atlas tábhachtach d’Éirinn ina n-eagráin éagsúla
  • Atlais dhomhanda ina bhfuil léarscáileanna Éireannacha
  • Roinn dar teideal ‘ábhair iontais ó thaobh cartagrafaíochta de’
  • Bailiúchán cuimsitheach de phriontaí caracatúir
  • Leathana agus bileoga bailéad, agus is dócha go bhfuil go leor acu uathúil don bhailiúchán seo
  • Bailiúchán tábhachtach de Chairteacha Mara

Áirítear i mBailiúchán Bonar Law os cionn 90% de na léarscáileanna agus priontaí liostaithe d’Éirinn a táirgeadh riamh.

Tharla an sealbhú ag ócáid i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ar an 15 Eanáir, ar ar fhreastail an Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta, an tUasal Micheál Martin, T.D.; Uachtarán UCC, an tOllamh John O'Halloran; Charlotte Bonar Law; Coral Black, Leabharlannaí Ollscoil UCC; Cathaoirleach NLI Eoin McVey; agus ár Stiúrthóir, an Dr. Audrey Whitty.

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:

“Táimid buíoch den Aire Martin agus dá Roinn as an deis chun an sealbhú seo a dhéanamh, agus tá áthas orainn a bheith ag comhoibriú le UCC, mar gheall ar a scoláireacht agus a sármhaitheas sa tíreolaíocht stairiúil.

Is mórthosaíocht dúinn fás agus neartú breise a dhéanamh ar ár naisc ar fud na hÉireann ar fad agus tá ríméad orainn socrú iasachta a dhéanamh le UCC a fhágann go gcuirfear an bailiúchán i gCorcaigh.

Ciallaíonn an bhail iontach atá ar an ábhar i mBailiúchán Bonar Law go mbeidh sé ina chuid riachtanach de bhailiúchán NLI de léarscáileanna clóite agus priontaí topagrafacha, agus ina bhailiúchán dúshraithe do thionscadail, cláir agus taispeántais digitithe amach anseo.”

Léigh an preasráiteas iomlán.

Micheál Martin, Dr Audrey Whitty, Professor John O'Halloran and Coral Black

Micheál Martin, Dr Audrey Whitty, Professor John O'Halloran and Coral Black