Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Físeán agus Acmhainn In-Íoslódáilte | Stair á Nochtadh: Austin Stack

Suíomh
YouTube
Spriocphobal
Bunscoil
Iar-Bhunscoil
Tríú Leibhéal
Scoileanna Teanga
Foghlaim ar feadh an tSaoil agus Pobail
Fad ama
0:41 nóim
Cineál acmhainne
Acmhainn In-íoslódáilte
Físeán
Suíomh
YouTube
Spriocphobal
Bunscoil
Iar-Bhunscoil
Tríú Leibhéal
Scoileanna Teanga
Foghlaim ar feadh an tSaoil agus Pobail
Fad ama
0:41 nóim
Cineál acmhainne
Acmhainn In-íoslódáilte
Físeán
Introduction Text
Nochtar san fhíseán tosaigh seo agus san aiste bheathaisnéise in-íoslódáilte saol agus aimsir Austin Stack trí bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann mar chuid den tionscadal Stair á Nochtadh.

Mar pholaiteoir náisiúnach Éireannach, poblachtach míleatach, príosúnach polaitiúil, agus lúthchleasaí clúiteach, chuir Austin Stack go mór le cúis saoirse na hÉireann.

Toghadh mar MP é agus ansin mar Theachta Dála go leanúnach ó 1918 go 1927, bhí sé ina Aire Gnóthaí Baile ó 1919 go 1922, áit ar chabhraigh sé le cúirteanna rathúla Dála a chruthú agus a bhunú. Bhí sé go dian i gcoinne an Chonartha Angla-Éireannaigh, bhí Stack gníomhach go polaitiúil agus go míleata ar an taobh frith-Chonartha le linn Chogadh Cathartha na hÉireann.

Maidir le Stair á Nochtadh

Cuirtear i dtábhacht i Stair á Nochtadh scéalta ceathrar, Austin Clark, Hanna Sheehy-Skeffington, Kathleen Clarke, agus Art Ó Gríofa, a bhí lárnach in imeachtaí 1922 agus 1923 in Éirinn. Cuirtear i dtábhacht sna ceithre fhíseán agus san aiste bheathaisnéise grianghraif digitithe, litreacha, iontrálacha dialainne, agus go leor eile ó bhailiúcháin shaibhre na Leabharlainne.

Scrúdaítear san ábhar bunú eagraíochtaí tábhachtacha cosúil le Sinn Féin le hArt Ó Gríofa, iriseoir agus polaiteoir a bhí ar dhuine de na príomh-idirbheartaithe sa sos cogaidh a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse. Nochtar i saol agus gníomhartha chomhbhunaitheoir Chumann na mBan, Kathleen Clarke, na róil a bhí aici ó choimeádaí cuimhní Éirí Amach na Cásca 1916, go dtí a gairm pholaitiúil ardtionchair agus a ceapadh mar an chéad Ard-Mhéara mná ar Bhaile Átha Cliath. Léiríonn na hábhair freisin an tionchar a bhí ag gluaiseacht vótála na mban ar shochaí na hÉireann agus ar an ngluaiseacht náisiúnach trí fhocail agus gníomhartha Hanna Sheehy-Skeffington, polaiteoir náisiúnach agus sufraigéid mhíleatach. Ar deireadh, léirítear i scéal Austin Stack an tábhacht a bhaineann le hAthbheochan Chultúrtha na hÉireann agus grúpaí mar an Cumann Lúthchleas Gael don fhéiniúlacht Éireannach agus don náisiúnachas cultúrtha. Buaiteoir boinn uile-Éireann ab ea Stack, a raibh baint mhór aige le gníomhaíochtaí míleatacha náisiúnacha.

Léiríonn saolta na bpríomhdhaoine seo, a gcaidrimh, a gcreidimh pholaitiúla agus a ngníomhartha, an t-athrú ollmhór a tharla ar fud na hÉireann agus an domhain i dtús an fhichiú haois. Léiríonn a scéalta go háirithe an tionchar a bhí ag an gCogadh Cathartha ar shochaí na hÉireann agus na hiarmhairtí fadtéarmacha a bhí mar thoradh ar an deighilt seo ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.

Ní léiríonn an t-ábhar seo ach cuid de na mílte ábhar digitithe de chuid na Leabharlainne a insíonn scéal na tréimhse 1913-1923, rud nárbh fhéidir a chur ar fáil gan an maoiniú a fuarthas ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is féidir rochtain a fháil air ó áit ar bith ar fud an domhain trí chatalóg ar líne na Leabharlainne.

Féach anois

Íoslódáil an PDF

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie