Acmhainn In-íoslódáilte | An Stíl Pallaidiach: Forbairt agus Dearadh in Éirinn
National Library of Ireland architect's drawing; NLI bird's-eye view | NLI Call Number PD AD 3577_LBR 7279
Tugadh an stíl Pallaidiach isteach go hÉirinn sna 1720idí nuair a dearadh agus tógadh Teach Bhaile an Chaisleáin i gContae Chill Dara. Sa lá atá inniu ann, is féidir tionchar forleathan ailtireacht Pallaidiach a fheiceáil ar fud na hÉireann i ndearaí ar nós Theach na Parlaiminte ar Fhaiche an Choláiste, Baile Átha Cliath agus Teach Bellamont, an Cabhán.
Críochnaíodh foirgneamh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar Shráid Chill Dara sa bhliain 1890, trí bliana déag tar éis a bhunaithe sa bhliain 1877. Deartha ag ailtirí Bhaile Átha Cliath, Thomas Deane and Son, osclaíodh an foirgneamh le mórcheiliúradh i mí Lúnasa na bliana sin, agus bronnadh ridireacht ar na hailtirí as ucht a seirbhíse ag Fear Ionaid an Rí.
Nuair a baineadh an stíl Pallaidiach Victeoiriach amach, ba é sin an t-athrú is déanaí i sraith athraithe a rinneadh ar shuíomh Shráid Chill Dara thar na blianta. Forbraíodh an suíomh ar dtús in 1745 nuair a tógadh Teach Laighean mar áit chónaithe mhuintir Mhic Gearailt, Diúic Laighin, agus Iarlaí Chill Dara i ndiaidh sin. Sa bhliain 1815, bhí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath lonnaithe ann sular lonnaíodh Tithe an Oireachtais ann sa bhliain 1922. Le linn na 1850idí, osclaíodh Músaem Náisiúnta na Staire agus an Gailearaí Náisiúnta ar gach taobh de Theach Laighean ar Chearnóg Mhuirfean. De réir mar a bhí an ceantar á fhorbairt, bhí sé tábhachtach go mbeadh na foirgnimh nua ag teacht le hailtireacht Theach Laighean. Ós rud é gur dearadh an t-ailtire Richard Castle Teach Laighean sa stíl Pallaidiach, níorbh fholáir go mbeadh dearadh na Leabharlainne Náisiúnta nua sa stíl chéanna.
San acmhainn seo, foghlaimeoidh daltaí faoin ailtireacht Phallaidiach agus faoi thabhairt isteach na stíle sin go hÉirinn trí shamplaí de roinnt tithe agus foirgneamh suntasach. Úsáidtear priontaí, líníochtaí agus grianghraif ó bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chun an stair sin a léiriú.
Spreagtar na daltaí chun réimse leathan topaicí a fhiosrú tríd an acmhainn seo—plé ar an bPallaidiachas a bhaineann le stair na healaíne agus stíleanna ailtireachta; forbairt an cheantair timpeall Theach Laighean agus Shráid Chill Dara; feidhmeanna athraitheacha na bhfoirgneamh éagsúil ar bhloc cathrach amháin a léiríonn fás na n-institiúidí agus na mbailiúchán náisiúnta i mBaile Átha Cliath.
Baineann siad sin le cúrsaí agus snáitheanna éagsúla laistigh de churaclam náisiúnta na hÉireann amhail Ealaín na Sraithe Sóisearaí, Ealaín na Sraithe Sinsearaí agus Grafaic Dheartha agus Cumarsáide na hArdteistiméireachta.
Is féidir leat an acmhainn a íoslódáil thíos.
Tá treoir do mhúinteoirí ar fáil freisin ina leagtar amach na naisc ábhartha leis an gcuraclam.
Más féidir lenár bhfoireann cabhair ar bith a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie.