Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Taispeántas | Yeats: Saol agus Saothair William Butler Yeats

  • Ar an láthair
Dáta Ar siúl go samhradh 2025
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, D02 P638
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce, ní gá duit áirithint a bheith agat
Dáta Ar siúl go samhradh 2025
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, D02 P638
Catagóir Taispeántas
Praghas Saor in aisce, ní gá duit áirithint a bheith agat
Íomhá de WB Yeats

Bain sult as ár dtaispeántas a bhfuil gradaim buaite aige ar William Butler Yeats (1865-1939), duine de mhórscríbhneoirí an 20ú haois agus a raibh tionchar suntasach aige ar fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann nua-aimseartha.

Tarraingítear sa taispeántas ar mhíreanna ó Bhailiúchán Yeats de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, na bailiúcháin is mó leabhar, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann le WB Yeats ar domhan.

Fiosraigh iliomad spéiseanna Yeats – Éire, litríocht, béaloideas, amharclannaíocht, polaitíocht, misteachas, agus asarlaíocht. I measc bhuaicphointí an taispeántais tá lámhscríbhinní de go leor de na dánta is mó a bhfuil tóir orthu de chuid Yeats, lena n-áirítear “The Lake Isle of Innisfree” agus “Easter, 1916”, a bhonn Duais Nobel, déantáin phearsanta ó thuairiscí scoile Yeats go píosa snoite lapis lazuli, grianghraif iontacha de Yeats agus a chlann agus a chairde, agus go leor eile.

Uaireanta oscailte an taispeántais

Déardaoin - Luan, 9:30am – 5pm (cead isteach deiridh ag 4:30pm)

Máirt - Céadaoin, 9:30am – 7pm (cead isteach deiridh ag 6:30pm)

Laethanta Saoire Bainc: 12pm – 5pm (cead isteach deiridh ag 4:45pm)

Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie