Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Déanach ag an Leabharlann: clár na n-imeachtaí saor in aisce

Dé Máirt, 8 Lúnasa 2023
Grafaic theibí le léamh téacs Déanach ag an Leabharlann

Taiscéalaíocht iar-ama ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Bígí linn gach tráthnóna Déardaoin ón 31 Lúnasa le haghaidh sraith imeachtaí tráthnóna i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá saorchead isteach chuig gach imeacht agus beidh siad ar siúl go dtí 9pm. Faigheann an tsraith imeachtaí Déanach ag an Leabharlann tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus tá sí mar chuid den Scéim Geilleagair Oíche.  Le ceol traidisiúnta beo, fuirseoireacht ar na boinn, turais phríobháideacha, focal labhartha agus léamha liteartha – beidh rud éigin ann do gach duine. Cuir aithne ar do Leabharlann Náisiúnta inniu agus bí linn le haghaidh eispéireas speisialta iar-ama.

Déanach ag an Leabharlann - an 31 Lúnasa (7-9pm)

Turas tríd an ionad agus a spásanna ceiliúrtha, ag baint úsáid as meascán de litríocht bheo, ceol, greann agus taibhiú a bhaineann go sonrach leis an suíomh. Arna choimeád ag an scríbhneoir agus an file Colm Keegan.

Is é an file agus scríbhneoir Eoin Rogers a bheidh ina fhear an tí don tráthnóna, le taibhithe beo ó:

  • Donal Ryan
  • Geoff Finan
  • Kevin McGahern
  • Clare Monnelly 
  • Sinead White

Tá an spás teoranta. Déan áirithint luath chun díomá a sheachaint!

____________________________________

Déanach ag an Leabharlann - an 7 Meán Fómhair (7-9pm)

Turas tríd an ionad agus a spásanna ceiliúrtha, ag baint úsáid as meascán de litríocht bheo, ceol, greann agus taibhiú a bhaineann go sonrach leis an suíomh. Arna choimeád ag an scríbhneoir agus an file Colm Keegan.

Is é an file agus scríbhneoir Eoin Rogers a bheidh ina fhear an tí don tráthnóna, le taibhithe beo ó:

  • Aoife Barry
  • Geoff Finan
  • Áine Gallagher
  • Clare Monnelly 
  • I Have a Tribe

Tá an spás teoranta. Déan áirithint luath chun díomá a sheachaint!

____________________________________

Déanach ag an Leabharlann - 14 Meán Fómhair (6-9pm)
 

Bain sult as taispeántas ceoil tráthnóna leis an ngrúpa traidisiúnta Aiteall i halla tosaigh atmaisféarach na Leabharlainne Náisiúnta agus tapaigh an deis chun iniúchadh a dhéanamh ar ár dtaispeántas móréilimh Yeats: Saol agus Saothar WB Yeats tar éis an ama dúnta. Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo. Ní gá áirithint a dhéanamh. Bígí linn ar an láthair ag uimh. 7/8 Sráid Chill Dara ó 7pm.

____________________________________

Déanach ag an Leabharlann - an 21 Meán Fómhair (7-9pm)

Clay agus Eveline le léamha agus ceol beo

Bí i dteannta Paul O'Hanrahan, aisteoir, agus Michael Holohan, cumadóir agus pianódóir, i gcur i láthair speisialta drámatúil agus ceoil de dhá scéal ó shaothar Joyce Dubliner’s : Clay agus Eveline. Tá an dá scéal suite ar an taobh ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath, go háirithe i dtimpeallacht Dhroim Conrach agus i bhFionnradharc. Tá dáimh ar leith ag Michael Holohan, a rugadh i nDroim Conrach, leis na scéalta seo agus tá ceol speisialta cumtha aige le gabháil le léamha iontacha agus léirmhínithe drámatúla Paul O'Hanrahan.

Ar siúl sa halla tosaigh ar champas Shráid Chill Dara, beidh deis tar éis an léirithe ceoil agus liteartha chun iniúchadh a dhéanamh ar an bpríomhsheomra léitheoireachta íocónach tar éis an ama dúnta.

Tá an spás teoranta. Déan áirithint luath chun díomá a sheachaint!