Léiríonn ár dtaispeántas nua sa Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Barra an Teampaill, grianghraif iontacha ó Chartlann Iontaobhas Band Aid. Tugann sé deis neamhchoitianta dúinn athchuairt a thabhairt ar atmaisféar, scála agus tionchar na nóiméad cultúrtha éachtach seo.
Is deis é taifead grianghrafadóireachta na n-ealaíontóirí a ghlac páirt sa ‘Global Jukebox’ a fheiceáil agus féachaint ar ghearrscannán a coimisiúnaíodh go speisialta ina n-úsáidtear níos mó de na grianghraif ón NLI chun an t-eispéireas dochreidte a roinn 1.6 billiún duine ar fud an domhain air in aon lá amháin a ghabháil. Ceithre scór bliain ar aghaidh ó na ceolchoirmeacha iomráiteacha i Londain agus Filideilfia in 1985 go dtí na cinn níos lú san Astráil, sa tSeapáin agus san Ísiltír, athghabhann siad cruthaitheacht, pobal agus spiorad na gceolchoirmeacha bunaidh.
Imeacht
► Caife na hAetóipe + DJ
Dé Sathairn 15 Samhain, 2-4 p.m. | An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Chruinnithe, Barra an Teampaill
Saor in aisce. Buail isteach (bí ann go luath más mian leat caife a fháil go cinnte).
► Lá Comhpháirtíochta na hAetóipe
Dé Sathairn, 22 Samhain, 1.30–4.00 p.m. | Príomhfhoirgneamh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara
Saor in aisce. Áirithint riachtanach.
► Dioscó Ciúin na 80idí
Déardaoin, 27 Samhain, 6.30–8.30 p.m. | An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Chruinnithe, Barra an Teampaill
Saor in aisce. Clárú riachtanach.
► Seanchoíche: Oíche Scéalaíochta
Déardaoin, 4 Nollaig, 6.30–10.00 p.m. | An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Chruinnithe, Barra an Teampaill
Tá na ticéid don imeacht seo lán- liosta feithimh amháin
► Turais Lóin an Choimeádaí | Taispeántas Live Aid
1-2 p.m., Dé Máirt 25 Samhain, Dé Máirt 2 Nollaig, agus Dé Máirt 3 Nollaig | An Chartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Chruinnithe, Barra an Teampaill
Saor in aisce. Áirithint riachtanach.