Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Turais ar an Láthair i mí na Nollag | Seamus Heaney: Éist Anois Arís

Turais ar an Láthair i mí na Nollag
  • Ar an láthair
Dáta Máirt, an 6, an 13, agus an 20 Nollaig | 11am-12pm
Suíomh Seamus Heaney: Éist Anois Arís, Ionad Cultúir agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann, Sráid Westmoreland, Co. Bhaile Átha Cliath, D02 VR66
Catagóir Turas
Praghas Saor in aisce; ní gá duit áirithint a bheith agat
Dáta Máirt, an 6, an 13, agus an 20 Nollaig | 11am-12pm
Suíomh Seamus Heaney: Éist Anois Arís, Ionad Cultúir agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann, Sráid Westmoreland, Co. Bhaile Átha Cliath, D02 VR66
Catagóir Turas
Praghas Saor in aisce; ní gá duit áirithint a bheith agat
Cuid den spás taispeántais ‘Seamus Heaney: Éist Anois Arís’ Ar chlé tá sraith íomhánna sárscéimhe de dhobharlaigh ann. Ar dheis suíonn cuairteoir ar bhinse ag féachaint ar fhíseán de Sheamus Heaney ag labhairt.

Gach Máirt, bí lenár dtreoraithe taispeántais le haghaidh turas ar ‘Seamus Heaney: Éist Anois Arís’.

Bain taitneamh as turas iontach ina bhfiosraítear buaicphointí chartlann Heaney, óna bhunús tuaithe go dtí a shlí bheatha iontach mar fhile.

    Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag heaneyexhibition@nli.ie

    Taispeántas | Yeats: Saol agus Saothair William Butler Yeats

    • Ar an láthair
    Dáta Oscailte ar feadh na bliana
    Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, D02 P638
    Catagóir Taispeántas
    Praghas Saor in aisce, ní gá duit áirithint a bheith agat
    Dáta Oscailte ar feadh na bliana
    Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, D02 P638
    Catagóir Taispeántas
    Praghas Saor in aisce, ní gá duit áirithint a bheith agat
    A portrait of WB Yeats by George Charles Beresford

    Bain sult as ár dtaispeántas a bhfuil gradaim buaite aige ar William Butler Yeats (1865-1939), duine de mhórscríbhneoirí an 20ú haois agus a raibh tionchar suntasach aige ar fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann nua-aimseartha.

    Tarraingítear sa taispeántas ar mhíreanna ó Bhailiúchán Yeats de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, na bailiúcháin is mó leabhar, lámhscríbhinní agus míreanna pearsanta a bhaineann le WB Yeats ar domhan.

    Fiosraigh iliomad spéiseanna Yeats – Éire, litríocht, béaloideas, amharclannaíocht, polaitíocht, misteachas, agus asarlaíocht. I measc bhuaicphointí an taispeántais tá lámhscríbhinní de go leor de na dánta is mó a bhfuil tóir orthu de chuid Yeats, lena n-áirítear “The Lake Isle of Innisfree” agus “Easter, 1916”, a bhonn Duais Nobel, déantáin phearsanta ó thuairiscí scoile Yeats go píosa snoite lapis lazuli, grianghraif iontacha de Yeats agus a chlann agus a chairde, agus go leor eile.

    Uaireanta oscailte an taispeántais

    Déardaoin - Luan, 9:30am – 5pm (cead isteach deiridh ag 4:30pm)


    Máirt - Céadaoin, 9:30am – 7pm (cead isteach deiridh ag 6:30pm)


    Laethanta Saoire Bainc: 12pm – 5pm (cead isteach deiridh ag 4:45pm)

      Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag exhibitions@nli.ie