Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Cuairt ar an gCartlann Letterform, San Francisco

Agallamh le Emma Conway maidir lena cuairt ar an gcartlann chlógrafaíochta

Dé hAoine, 30 Meitheamh 2023
Íomhá de dhaoine ar thaobh na láimhe clé i ndorchla agus cairn leabhar ar thaobh na láimhe deise

An mhí seo caite, thug Emma Conway, Dearthóir Grafaicí intí na Leabharlainne Náisiúnta, cuairt ar an gCartlann Letterform i San Francisco. Léigh thíos le fáil amach cén chaoi ar éirigh léi.

Bhunaigh Rob Saunders An Chartlann Letterform, ar bailitheoir litreoireachta agus clóghrafaíochta é le breis agus 40 bliain. De réir mar a d’fhás bailiúchán Saunders, ba léir go raibh gá le tuilleadh spáis, agus as sin a d’fhorbair an smaoineamh go bhforbrófaí cartlann. Osclaíodh doirse an chéad leagain den Chartlann Letterform do chuairteoirí i San Francisco i mí Feabhra 2015, áit a raibh rochtain láimhe ar bhailiúchán coimeádta de bhreis agus 100,000 mír a bhaineann leis an litreoireacht, clóghrafaíocht, callagrafaíocht, dearadh grafach agus tuilleadh eile nach iad. Go dtí seo, ta breis agus 10,000 cuairteoirí tagtha ó 30 tír, lena n-áirítear mic léinn, cleachtóirí agus díograiseoirí clóghrafaíochta ó gach cineál cúlra.1

Tá suim ag mórán daoine sa chlóghrafaíocht, idir dhearthóirí, thaighdeoirí agus an mórphobal. Tá breis agus 200,000 leantóirí ar leathanach Instagram na Cartlainne Letterform, agus tá idirghníomhaíocht iontach ann i measc a gcuid postálacha uile.

Le linn a cuairte ar San Francisco an mhí seo caite, bhuail ár ndearthóirí intí, Emma, leis an bhfoireann agus bhí deis aici breathnú thart ar an gcúlra. D’iarramar uirthi na príomhphointí foghlama ón turas a roinnt linn.

 

Workshop room with big windows

Cén fáth ar thug tú cuairt ar an gCartlann Letterform?

Chuala mé faoin gCartlann Letterform agus mé ag déanamh taighde ar leabharlanna idirnáisiúnta agus bhí cuid dá ngníomhaíochtaí á leanúint agam ar Instagram. Rith sé liom gur áit iontach a bheadh ann léargas agus spreagadh a fháil maidir leis an gclóghrafaíocht, dearadh agus cartlannú. Mar dhearthóir intí ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, tá fás tagtha ar mo shuim sa chartlannú agus catalógú agus bhí fonn orm mo thaithí féin a fháil ar a gcur chuige. Bhí suim agam chomh maith tuiscint a fháil ar fhócas na Cartlainne agus na critéir le haghaidh aighneachtaí.

 

Cé mhéad duine a oibríonn ann agus cén cineál oibre a dhéanann siad?

Tá breis agus 25 duine ar an bhfoireann, ina measc róil mar Bhainisteoir Taispeántas, Leabharlannaí Digitithe agus Bainisteoir Margaíochta.

 

Céard é an rud is suimiúla ar tháinig tú air?

Bhí an t-ádh orm gur thug dornán daoine ón bhfoireann ar thuras timpeall na háite mé, mar aon le turas ar chúlra a seomra bailiúcháin (go raibh maith ag April, Eve, Menaja, Jada agus Paola). Thug siad míniú ar an gcaoi a ndearnadh siad atheagar le déanaí ar na bailiúcháin, agus iad ag scaradh na heiseamail chló agus ag catagóiriú na leabhar tagartha de réir tíre. Rud ar leith a thaispeáin siad ná eagrán den nuachtán  The Black Panther a raibh breis agus 100 cóip de acu ag dul siar chuig na 1960í. Mar gheall go raibh na nuachtáin seo an-chonspóideach ag an am, d’fhéadfá an t-ailíniú faoi dheifir a thabhairt faoi deara, rud a léiríonn práinn an fhoilsithe.

Íomhá den leabhar ar sheilf

Irish Type Design le Dermot McGuinne le feiceáil ar an tseilf ag an gCartlann Letterform

Ar tháinig tú ar aon mhír Éireannach sa Chartlann?

Chomh luath agus a shiúil mé isteach, chonaic mé an leabhar Irish Type Design le Dermot McGuinne. D’fhiafraigh mé go leathmhagúil díobh ar chuid siad ann é mar gheall ar mo chuairt. Tá an-tábhacht leis an leabhar seo i stair na dearthóireachta cló in Éirinn agus tá tagairtí ann do mhórán leabhar atá againn i mbailiúcháin ár leabharlainne, amhail The Elements of the Irish Language le H. Mac Curtin: timpeall 1680-1755.

Tháinig mé ar mhíreanna níos nua-aimseartha as Éirinn, amhail leabhair ó Red Fox Press, a stiúideo priontaíochta bunaithe ar Acaill. Bhunaigh an déantóir priontaí Beilgeach Francis Van Maele agus an t-ealaíontóir Cóiréach Antic-Ham (Hyemee Kim) an stiúideo in 2005 agus cruthaíonn sé leabhair eagráin teoranta bunaithe ar théamaí éagsúla, lena n-áirítear roinnt leabhar a dhéanann iniúchadh ar stíl fhísiúil na mbialann Meiriceánach.

Image of atype specimen from letterform archive

Type specimen and Red Fox Press booklet

Seachas na bailiúcháin a bhainistiú, céard eile a dhéanann siad ag an gCartlann Letterform?

Déanann an Chartlann Letteform óstáil ar thaispeántais, ceardlanna agus cainteanna ar bhonn leanúnach. Díríonn a dtaispeántas reatha, "Subscription to Mischief: Graffiti Zines of the 1990" (Síntiús don Diabhlaíocht: Irisí Graifítí na 1990í) ar stair an ghraifítí. Tarraingíonn an taispeántas "aird ar bhunsaothair le scríbhneoirí mór le rá agus níos lú aitheanta na 90í, lena n-áirítear saothair, radóga agus stíleanna láimhe a léirítear i litreacha, pic-ghrianghraif trádála agus aighneachtaí d’irisí."2 Taispeántas fíorshuimiúil atá ann ós rud é nach bhfeictear graifítí go hiondúil ar bhallaí na músaeim ná gailearaithe.

 

Cé na réimsí oibre de Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ba mhó suim a bhí ann?

Bhí suim ag foireann na Cartlainne Letterform a chloisteáil faoinár rannóg thiomanta don chaomhnú. Mar gheall go bhfuil a gcartlann measartha beag agus dírithe ar an gclóghrafaíocht, níl aon fhoireann thiomnaithe caomhnaithe ann. Bhí siad an-fhiosrach faoi mo shuim phearsanta agus mo phlé leis an gclóghrafaíocht agus cruthanna litreach a dtagaim orthu ag an leabharlann. Chuir mé in iúl go bhfuil mé tar éis tabhairt faoi roinnt de na litreacha a dtagaim orthu a ath-tharraingt, rud a fheabhsaíonn mo thuiscint ar stair an chló agus an litreoireacht atá ar fáil i mbailiúcháin LNÉ.

 

An bhfuil aon chomhoibriú le bheith ann leis an gCartlann Letterform?

Pléadh comhoibriú amach anseo ó thaobh ceardlann agus cainteanna, agus tá na smaointe bunaithe ar na bailiúcháin Éireannacha in LNÉ a bhfuil tionchar ag an gclóghrafaíocht orthu, ar scátháin iad ar na bailiúcháin sa Chartlann Letterform.

Chomh maith leis sin, mar bhronntanas buíochais as ucht mo chuairt a éascú, bhronn mé roinnt ábhar Éireannach ar na cartlannaithe ar cheap mé go mbeadh suim acu iontu. Ina measc seo bhí leabhar an Stiúrthóra, An Dr. Audrey Whitty ar an ealaíontóir i San Francisco, Albert Bender, is é sinThe Albert Bender Collection of Asian Art in the National Museum of Ireland, trí leabhar leis an gclóghrafadóir Éireannach Clare Bell, The Irish Hand le Timothy O'Neill, agus bileog de chuid Éigse Éireann ó 1965 a phriontáil an Dolmen Press. Bhí mé ag iarraidh léargas a thabhairt ar nasc na hÉireann le San Féin, stair na priontála agus na dearthóireachta cló, chomh maith le leabhar níos nua-aimseartha ar an gclóghrafaíocht le Clare Bell.

Tá mé ag súil le féachaint ar chomhoibriú féideartha leis an gCartlann Letterform go gairid amach anseo agus plé a dhéanamh ar na tionscadail iontacha atáimid in ann a shamhlú in éineacht.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar:

Cartlann Letterform
Red Fox Press
Clare Bell
Catalóg na Leabharlainne Náisiúnta
Bailiúchán Albert Bender na hEalaíne Áisí

Image of Emma Conway with staff from LFA

Staff from the Letterform Archive: April Harper, Eve Scarborough, Menaja Ganesh, Jada Haynes, Emma Conway (NLI) and Paola Zanol.

  • 1 a b Tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://letterformarchive.org/about/
  • 2 a b https://letterformarchive.org/news/subscription-to-mischief-graffiti-zines-of-the-1990s-exhibition/