An Oíche Chultúir sa Leabharlann Náisiúnta
- Ar an láthair

Beimid ar oscailt agus ag cur fáilte roimh chuairteoirí ar Oíche Chultúir 2024.
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7/8 Sráid Chill Dara
Beidh na doirse ar Shráid Chill Dara ar oscailt 6:30pm–9pm agus fáilte is fiche roimh chách. Isteach leat tríd an bhforhalla go bhfeice tú an seomra gleoite léitheoireachta, a bheidh ar oscailt ar an oíche, áit a mbeidh seans agat breathnú ar an mionsamhla Lego den Leabharlann, aithne a chur ar dhaoine dár gcuid coimeádaithe agus iad ag labhairt faoin méid a dhéanann siad, agus pléisiúr a bhaint as ceol beo ó amhránaithe Choláiste Mhuire.
Tar ar ais anseo le tuilleadh sonraí a fháil.
Turas an Stiúrthóra ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann – 7/8 Sráid Chill Dara, 6pm
Faigh amach faoi stair ár bhfoirgnimh álainn Victeoiriaigh ar Shráid Chill Dara agus cuir aithne ar Stiúrthóir na Leabharlainne, an Dr. Audrey Whitty. Mar chuid den turas treoraithe seo, tabharfar cuairt ar an Seomra Léitheoireachta iontach agus breathnófar ar na naisc atá againn le roinnt de na scríbhneoirí agus de na smaointeoirí is mó le rá i stair na hÉireann. Buail le chéile i Halla Tosaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Saor in aisce, ach ní mór áirithint a dhéanamh.
YEATS: Saol agus Saothar William Butler Yeats – 7/8 Sráid Chill Dara, 6:30pm-9pm
Beidh tú in ann seal a chaitheamh i do shuí ag éisteacht le cuid de na dánta leis an bhfile is ansa le daoine agus dul ag siúl thart ar an taispeántas le fáil amach faoi na rudaí go léir a raibh dúil ag WB Yeats iontu: Éire, an litríocht, an béaloideas, an amharclannaíocht, an pholaitíocht agus an draíocht – agus faoi thionchar Yeats ar fhéiniúlacht chultúrtha Ghaelach na linne.
Beidh taispeántas Yeats na Leabharlainne ar oscailt sa phríomhfhoirgneamh ar Shráid Chill Dara ó 6:30pm go 9pm. Le tuilleadh eolais a fháil maidir le cúrsaí inrochtaineachta inár bhfoirgnimh, féach anseo.
Seamus Heaney: Éist Anois Arís – Ionad Cultúrtha agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann ar Fhaiche Stiabhna – bealach isteach ar Shráid Westmoreland, 5pm-9pm
Bain sult as turas féintreoraithe ‘tar éis na n-uaireanta oscailte’. Sa taispeántas Seamus Heaney: Éist Anois Arís, bainimid leas as cartlann mhór na Leabharlainne Náisiúnta de cháipéisí le Heaney chun an cuairteoir a thabhairt linn ar aistear ilchéadfach ó thús simplí a shaoil trína ghairm éachtach.
Daoine agus Áiteanna – An Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, 5pm-9pm
Taispeántas caoga grianghraf ó bhailiúchán NLI é seo, ina nochtar daoine agus áiteanna ar oileán na hÉireann idir na 1850idí agus an 21ú céad. Buail isteach agus glac dhá mheandar ag breathnú ar an taifead uathúil, iontach suimiúil seo ar an saol in Éirinn.