Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Live Aid | Turas Treoraithe an Jukebox Domhanda

  • Ar an láthair
Dáta 2pm | Dé hAoine & 11am | Dé Sathairn
Suíomh An Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta , Cearnóg Theach an Tionóil, Baile Átha Cliath
Catagóir Turas
Praghas Saor in aisce. Ní Gá Áirithint a Dhéanamh.
Dáta 2pm | Dé hAoine & 11am | Dé Sathairn
Suíomh An Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta , Cearnóg Theach an Tionóil, Baile Átha Cliath
Catagóir Turas
Praghas Saor in aisce. Ní Gá Áirithint a Dhéanamh.
A female tour guide smiles and gestures while speaking to a small group of visitors in front of a large exhibition wall featuring iconic concert photographs. A prominent image of Freddie Mercury, shirtless and performing with a microphone dominates the display, with additional photos of other musicians arranged around it. The visitors are seen from behind, focused on the guide during the tour.

"Ar feadh nóiméad gairid, gonta bhí an chuma ar chúrsaí go raibh gach aon ní indéanta."

Bí linn ag an gCartlann Náisiúnta Grianghrafadóireachta atá suite i gCearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill gach Aoine ag 2pm agus Satharn ag 11am, le haghaidh turas treoraithe saor in aisce, chun filleadh siar ar lá neamhghnách sa bhliain 1985 - nuair a tháinig ceol, na meáin agus an daonnacht le chéile ar scála domhanda, go ndúirt Bob Geldof gur bhraith sé “Ar feadh nóiméad gairid, gonta bhí an chuma ar chúrsaí go raibh gach aon ní indéanta.”

Aimsigh íomhánna agus scéalta ó Live Aid, cuid de Chartlann Iontaobhas Band Aid, a bhronn Bob Geldof ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ag léiriú an eispéireas dochreidte seo - dhá cheolchoirm a bhí ar siúl ag an am céanna i Londain agus Filideilfia, le go leor de na taibheoirí Pop agus Rac is cáiliúla den tréimhse sin, agus iad ar mhisean chun an domhan a chothú.

Ó Status Quo go Joan Baez, Queen go Phil Collins agus U2 go Madonna, bí réidh chun dul ar chamchuairt raic, áit a mblaisimid lá inar athraigh an ceol an domhan gan aon agó.