Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Aimsigh an Ghaeilge i do chroí!

Foghlaim conas glacadh lenár dteanga dhúchais gan náire, le Molly Nic Céile
  • Ar an láthair
Dáta
-
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Imeacht
Praghas Saor in aisce
Dáta
-
Suíomh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 7-8 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, D02 P638
Catagóir Imeacht
Praghas Saor in aisce
molly in a red dress holding a book award

Glac páirt linn chun do thuras leis an nGaeilge a thosú nó a aththosú.

I mí na Samhna 2019, thosaigh Molly Nic Céile leathanach YouTube agus Instagram dar teideal ‘Gaeilge i mo chroí’ chun an rud sin go díreach a roinnt, an Ghaeilge ina croí, leo siúd nár tugadh an deis dóibh í a fhoghlaim agus leo siúd a theastaigh uathu í a fhoghlaim arís. Cé nach cainteoir dúchais í féin, thosaigh Molly amach ag déanamh físeán faoi fhocail agus nathanna simplí as Gaeilge, ach de réir mar a d’fhás a lucht féachana, mhéadaigh a paisean freisin, rud a spreag í chun a céad leabhar a scríobh i Meán Fómhair 2024: ‘Gaeilge i mo chroí: Irish in my heart – Your Guide to Loving and Living the Irish Language’. Sa leabhar seo, spreagann sí an léitheoir chun aon mhíshásamh a bhaineann leis an teanga a chur i leataobh agus saibhreas na Gaeilge a aimsiú agus a thuiscint.

Ag an ócáid seo, pléifidh Molly na príomhcheachtanna agus na moltaí a roinneann sí sa leabhar dóibh siúd ar mhaith leo a dturas féin leis an nGaeilge a thosú nó a athtosú.

molly in red dress with book award
Molly Nic Céile

Is as Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall, í Molly. Níor tógadh í le Gaeilge, ach bhí paisean aici don teanga i gcónaí. Ar an 8 Samhain 2019, d’fhoilsigh sí a céad fhíseán ar YouTube, “How to start speaking Irish”, agus inniu tá sé feicthe ag breis agus 780,000 duine. Go dtí seo, tá níos mó ná 250 físeán déanta aici, físeáin ina múineann sí Gaeilge, ina roinneann sí a saol laethúil tríd an teanga, agus ina mbíonn comhráite aici le cainteoirí eile. Thosaigh Molly ag múineadh ranganna príobháideacha Gaeilge ar líne i mí na Nollag 2020. Tá mic léinn aici ó gach cearn den domhan, ag gach leibhéal, agus tá beagnach cúig bliana taithí múinteoireachta aici anois. D’fhoilsigh sí a céad leabhar ‘Gaeilge i mo chroí: Your Guide to Loving and Living the Irish Language’ i Meán Fómhair 2024. Bhuaigh an leabhar seo Gradam Leabhar na Bliana Éireann sa chatagóir Leabhar Stíl Bheatha na Bliana 2024.

Más féidir lenár bhfoireann cabhair a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie.