Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Déanann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann comóradh ar fháil chartlann Cherish

Dé Luain, 24 Aibreán 2023
A woman giving a speech in front on a blue banner and bookshelves

Karen Kiernan, Príomhfheidhmeannach One Family (roimhe Cherish).

Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) tar éis a fhógairt inniu (24.04.23) go bhfuarthas cartlann One Family, eagraíocht náisiúnta na hÉireann i gcomhair teaghlaigh aontuismitheora, ar a dtugtaí Cherish roimhe seo.

Tá ábhar ann ó bunaíodh an eagraíocht go luath sna 1970idí go dtí na 2000idí agus tugann an chartlann léargas dúinn ar an saol agus ar na dúshláin a bhí ag teaghlaigh aontuismitheora san am sin.

 

Bhunaigh Maura O’Dea Cherish sa bhliain 1972 i ndiaidh di fógra a chur sa nuachtán The Evening Herald agus í ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le mná eile in Éirinn nach raibh pósta agus a raibh páistí acu. Thug líon beag daoine freagra ar an bhfógra agus tháinig Cherish ar an saol. Ainmníodh an eagraíocht as cuid den téacs as Forógra 1916 inar dearbhaíodh go ndéanfaí “clanna uile an náisiúin a chaomhnú go cothrom” (“cherish all of the children of the nation equally”). Athraíodh ainm Cherish go One Family in 2004 chun aitheantas a thabhairt d’athruithe ar an saol in Éirinn mar a raibh cineálacha éagsúla de theaghlaigh aontuismitheora ann.

 

Dhá chuid atá sa chartlann: sa chéad chuid tá cáschomhaid ina ndearnadh taifead de na cúinsí a bhain le mná ar leith a tháinig chuig Cherish le comhairle agus tacaíocht a fháil, comhfhreagras ó 1974 go 1987 san áireamh. Sa dara cuid den chartlann tá taifid riaracháin na heagraíochta, a n‑áirítear leo miontuairiscí ó chruinnithe cinn bliana, aighneachtaí, comhfhreagras agus foilseacháin agus brústocaireacht á déanamh chun athchóiriú reachtach a bhaint amach.

 

Agus í ag labhairt le linn imeacht chun an chartlann a fuarthas a chomóradh, seo mar a labhair an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir NLI: “Coimeádaí chuimhní na hÉireann is ea an Leabharlann Náisiúnta agus, mar sin, táimid dícheallach i dtaobh raidhse guthanna na hÉireann a bhailiú mar aon le léargas ar shaol na ndaoine sin. Dé réir a chéile, táimid ag cur scéalta ó mhná agus ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht leis na bailiúcháin atá againn. Táimid bródúil go bhfuil na páipéir seo faighte againn ó Cherish, páipéir ina dtugtar léargas an‑suimiúil ar an saol a bhí ag teaghlaigh aontuismitheora ó go luath sna 1970idí ar aghaidh, dearcadh na sochaí ina leith agus an t‑athrú atá tagtha ar chúrsaí le himeacht na mblianta.”

 

Arsa POF One Family, Karen Kiernan: “San ábhar cartlainne atá bronnta againn ar an Leabharlann Náisiúnta faightear léargas ar an saol a bhí ag teaghlaigh aontuismitheora in Éirinn i dtréimhse nach bhfuil chomh fada sin siar. Tugann sé seans dúinn éisteacht le scéalta ban agus leanaí ar thug an Stát agus codanna den tsochaí cúl leo. Nuair a bunaíodh Cherish sa bhliain 1972, ní raibh aon liúntas tuismitheora aonair ann agus níor léir an méid a bheadh i ndán don bhean shingil a bhí torrach – ba mhinic a ruaigeadh as a mbaile, as a bpost agus as a bpobal iad. Tá sé sin le tuiscint i gcuid de na litreacha uathu siúd a d’úsáid an tseirbhís atá mar chuid den chartlann – cuid acu a bhrisfeadh do chroí, cuid eile atá lán dóchais agus ar léir iontu go raibh tacaíocht ag an duine ón teaghlach agus ón bpobal.”

 

Bhí Mary Kerrigan i mbun chraobh an Chláir/Luimnigh de Cherish ar feadh blianta fada. Seo an méid a dúirt sí: “D’ainneoin go raibh mé i mo mháthair neamhphósta sna 1970idí agus go raibh daoine áirithe sa tsochaí anuas orm dá bharr sin, b’fhéidir go gceapfaidís anois gur duine an‑tábhachtach mé mar go bhfuil taifid Cherish i gcartlann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. An méid a rinne na mná in Cherish, bhí an‑tionchar aige ar an tsochaí in Éirinn, iad ag obair go crua le cearta sóisialta, airgeadais agus dlíthiúla a bhaint amach do mháithreacha neamhphósta agus a leanaí, mar a dhéanann One Family go dtí an lá atá inniu ann. D’éirigh linn é sin a dhéanamh agus cuidiú againn ó dhaoine mar Mary Robinson, a bhí mar Uachtarán orainne go dtí gur toghadh mar Uachtarán na hÉireann í.”

CRÍOCH

 

Nótaí don eagarthóir:

  • Agus ábhar á bhailiú againn a bhaineann le daoine atá beo, i gcomhréir lenár n‑oibleagáidí reachtúla de réir an RGCS, tá cur chuige dian docht i bhfeidhm ag NLI i dtaobh príobháideachas daoine a chosaint.  Maidir le Cáschomhaid Cliant agus comhfhreagras a bhfuil faisnéis phearsanta iontu, “Ábhar nach ceadmhach a cheadú” (NFC) atá ann agus ní bheidh teacht ag taighdeoirí air. Déanfar taifid riaracháin agus eagraíochtúla Cherish a chatalógú agus beidh fáil ag taighdeoirí orthu faoi dheireadh 2023.