Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Ceiliúrann LNÉ sealbhú Bhailiúchán an Athar Bearnard Lynch

Dé Máirt, 29 Samhain 2022
Katherine McSharry, Stiúrthóir Gníomhach Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus Bernárd Lynch

Katherine McSharry, Stiúrthóir Gníomhach na Leabharlainne Náisiúnta, agus Bernárd Lynch

Tá á fhógairt inniu (29.11.22) ag an Leabharlann Náisiúnta go bhfuil páipéar pearsanta leis an Athair Bernárd Lynch faighte aici. Is gníomhaí i gcoinne VEID/SEIF agus iarshagart é Bernárd Lynch.

In Inis, Co. an Chláir, a rugadh Bernárd Lynch agus oirníodh ina shagart é in 1971. Chaith sé a shaol leis an gcúram tréadach agus le habhcóideacht ar son chearta an duine sa phobal LGBTI+ i Nua-Eabhrac agus i Londain. Bhain sé clú amach le linn eipidéim VEID/SEIF, tráth a raibh sé ag obair go díreach leis na pobail ar chuir an eipidéim isteach go mór orthu. Chuaigh sé i mbun feachtais chun reachtaíocht neamh-idirdhealaitheach a thabhairt isteach i gCathair Nua-Eabhrac, agus d’éirigh leis an bhfeachtas sin.
 
Tá léiriú i mbailiúchán an Athar Bernárd Lynch ar shaol pearsanta agus poiblí an iarshagairt.  Tá litreacha, cártaí poist, gearrthóga ó nuachtáin agus fianaise dhlíthiúil sa chartlann a shíneann siar breis is 50 bliain.  Áirítear leis litreacha ó na 1980idí ó dhaoine in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe a bhí ag déileáil le saincheisteanna maidir le gnéasacht agus reiligiún, cuid acu a raibh VEID/SEIF orthu; tras-scríbhinní agus toradh tástála brathadóra bréag ó thriail Bernárd Lynch i Nua Eabhrac, áit ar cúisíodh go bréagach é as ionsaí gnéasach; agus litir ó na Siúracha Dhoiminiceacha i Nua Eabhrac inar iarr siad ar an gCairdinéal O’Connor ligean do Bernárd a bheith ina shéiplíneach dóibh. Sa chartlann freisin tá comhfhreagras pearsanta ó Bernárd chuig a mhuintir i gContae an Chláir nuair a tháinig sé amach mar fhear aerach go luath sna 1980idí.
 
Agus í ag labhairt ag léacht a tionóladh le ceiliúradh a dhéanamh ar na rudaí nua-fhaighte, bhí an méid seo le rá ag Katherine McSharry, Stiúrthóir Gníomhach NLI: “Is mór an onóir do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Bailiúchán an Athar Bernárd Lynch a fháil, rud a thugann léargas iontach dúinn ar an aimsir sin – nach rófhada siar – nuair a bhíodh an pobal LADTI+ imeallaithe agus leithcheal á dhéanamh orthu. Meabhrúchán cumhachtach é an chartlann ar na laethanta sin, agus ar thionchar eipidéim VEID/SEIF ar an bpobal LGBTI+i Nua Eabhrac agus in Éirinn.
 
“Tar éis dó an chuid is mó dá shaol fásta a chaitheamh i Nua Eabhrac agus i Londain, is cinnte go bhfuil a lorg fágtha ag an Athar Bernárd Lynch ar an saol mór, ach a naisc le hÉirinn coinnithe aige i rith an ama mar bhall tábhachtach dár ndiaspóra. Tá an Leabharlann Náisiúnta tiomanta do mhórán guthanna agus eispéiris éagsúla na hÉireann a bhailiú agus a chosaint. Mar choimeádaí cuimhní cinn na hÉireann, táimid bródúil as an gcartlann seo a chur leis na bailiúcháin fhairsinge LGBTI+ atá againn ionas gur féidir le cách na scéalta seo a roinnt agus staidéar a dhéanamh orthu.”
 
Bhí an méid seo le rá ag Bernárd Lynch, a thaistil ó Londain le bheith i láthair ag an ócáid in NLI: “Tá 40 bliain caite ó rinneadh an chéad chás de SEIF a dhiagnóisiú in Éirinn. Is mithid dúinn mar sin machnamh a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhí ag an eipidéim ar phobal LGBTI+ agus ar an gcaoi a bhfuil níos mó oibre le déanamh – fiú anois – sula mbeidh fíorghlacadh gan leithcheal ann.  Tá súil agam go mbeidh mo chartlann úsáideach do thaighdeoirí; do dhaoine atá ag lorg dóchais; agus do dhaoine ar mian leo cuimhneamh agus machnamh a dhéanamh ar chaillteanas.
 
“Is mór an onóir dom mo chartlann a thabhairt abhaile go hÉirinn; agus ní fhéadfainn a bheith níos buíche den Leabharlann Náisiúnta as an dúthracht a chaith siad leis an taifead seo a chur ar fáil dúinne go léir agus do na glúnta atá le teacht.”