Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Fáil Nua: Bronnadh Armais ar le Nicholas Stanyhurst é

An t-aralt sainchomhairleach Dónal Burke ag déanamh scrúdú ar earra an-spéisiúil a cuireadh le bailiúcháin NLI le déanaí.

Déardaoin, 1 Nollaig 2022
Bronnadh armais Stanyhurst 1554 oscailte amach agus maisiúchán daite air

Bronnadh Armais ar Nicholas Stanyhurst ón 1 Lúnasa 1554 le Donal Burke

Fuair an Leabharlann an Bronnadh Armais ar Nicholas Stanyhurst ón 1 Lúnasa 1554 le déanaí, agus is spéisiúil an rud é ar leibhéil éagsúla.

Bhí Oifig Mhórmhaor Armais Uladh, ag a raibh dlínse maidir le harmas ar fud na hÉireann, ina tús nuair a bhronn Bartholomew Butler, an chéad Mhórmhaor Armais Uladh, armas ar Nicholas Stanyhurst agus ar a shliocht. Dhá bhliain roimhe sin a cruthaíodh an oifig. Dá bhrí sin, tá an doiciméad seo ar cheann de na chéad bhundoiciméid ón Oifig sin atá ann i gcónaí.

Bhí Nicholas Stanyhurst cosúil leis na chéad chliaint a bhí ag an Oifig, agus ba dhaoine mór le rá sa Pháil, oifigigh nó saoránaigh mór le rá i mBaile Átha Cliath iad cuid mhór díobh. Bhíodh cónaí ar mhuintir Stanyhurst ag an gCorr Dhubh, ó thuaidh ó Shord i gContae Bhaile Átha Cliath, agus bronnadh tailte mainistreach coigistithe i gcontae Bhaile Átha Cliath agus i gcontae na Mí orthu sna 1540idí chun buíochas a ghlacadh leo as a ndílseacht don Choróin. Sa bhronnadh armais, déantar cur síos ar Nicholas mar Chléireach an Hanaperium agus Cléireach Sheansaireacht na Coróineach in Éirinn (is é sin, státseirbhíseach sa rialtas ag Caisleán Bhaile Átha Cliath, a bheag nó a mhór), saoránach agus bardasach i mBaile Átha Cliath, agus chaith sé tréimhse ina Mhéara ar Bhaile Átha Cliath freisin (1543). Lean James, mac leis, le traidisiún na seirbhíse don Choróin agus don Chathair, agus bhí sé ina Chláraitheoir do Bhaile Átha Cliath agus ina Cheann Comhairle ar Theach na dTeachtaí in Éirinn. Údar, scoláire agus taidhleoir mór le rá ab ea Richard Stanyhurst, garmhac le Nicholas, agus fuair sé bás sa Bhruiséil in 1618 agus é ar deoraíocht ann.

Ar an gcéad amharc ar an doiciméad seo, tabharfar faoi deara íomhá an arailt agus tabard an Armais Ríoga á chaitheamh aige thar éadaí atá maisithe le fionnadh. Tá slat nó bata ina lámh dheas aige. Léiríonn an choróin atá ar a chloigeann aige gur Mórmhaor Armais a bhí ann, duine de na harailt armais ba shinsearaí.

Ach súil níos géire a chaitheamh ar an doiciméad, is féidir léargas spéisiúil a fháil ar obair na hOifige Armais i mBaile Átha Cliath sna blianta tosaigh. I Laidin atá an téacs, agus tosaíonn sé leis an bhfógra ‘Omnibus et singulis’. ‘To all Nobles and Gentill’ an leagan Béarla de sin, agus is é sin a bhíonn le fáil ag tús téacsanna comhaimseartha i mBéarla. Rud an-suntasach ar fad i mBronnadh Armais Stanyhurst ná go bhfuil an t‑aralt ina sheasamh laistigh den túslitir stílithe ‘T’ seachas ‘O’ mar a bheifí ag súil leis. Tá Bronnta Armais comhaimseartha éagsúla ó na 1550idí ann go fóill agus ciumhaiseanna bláthacha atá maisithe ar an gcaoi chéanna le fáil iontu. Scríobhadh i mBéarla iad agus tosaíonn siad amach le ‘To all Nobles and Gentill’. Tá íomhá de Mhórmhaor Armais agus féasóg air, sa staidiúir chéanna, an chulaith chéanna atá maisithe le fionnadh agus tabard air, agus slat ina lámh aige le fáil sa túslitir ‘T’ sna doiciméid eile sin.  Cé go bhfuil siad ar fad cosúil le chéile, tá aralt Stanyhurst ar aon dul, nach mór, leis an aralt sa Bhronnadh Armais i mBéarla a rinne Gilbert Dethick, Mórmhaor Armais Norroy, do George Toke ó Worcester agus Deireadh Fómhair 1547 mar dháta air. Tá an bronnadh armais sin caomhnaithe ag an gColáiste Armais i Londain.

Scríobhadh bronnadh Stanyhurst i Laidin ach tá an túslítir ar neamhréir leis an téacs ann, rud a thugann le tuiscint go mb’fhéidir gur táirgeadh an chiumhais shár-mhaisithe, an túslitir agus an t‑aralt ar veilleam bán sular cuireadh an téacs eile ann. Tugann sé le tuiscint freisin go mb’fhéidir gur bhain arailt na hÉireann úsáid as veilleam réamhullmhaithe ó Shasana a bhí ceaptha le haghaidh téacs i mBéarla seachas i Laidin.

Bhí clú agus cáil ar mhuintir Stanyhurst sa saol polaitiúil sa Pháil ó bhlianta deiridh an cheathrú haois déag agus bhí duine eile den teaghlach ina Mhéara ar Bhaile Átha Cliath in 1489, tá sé suntasach mar sin féin go bhfuil a n‑armas mar atá le feiceáil ar bhronnadh 1554 an-chosúil go deo leis an stíl a bhíodh in úsáid ag arailt Shasana ag tús agus ag lár an séú haois déag. Anuas air sin, tá suaitheantas le feiceáil ar bhronnadh Stanyhurst, agus ní bhronntaí suaitheantais le harmais de ghnáth roimh thús an séú haois déag i Sasana.

Tá dáta an bhronnta spéisiúil freisin. Bronnadh an t‑armas an 1 Lúnasa 1554, agus tá ainmneacha Philib agus Mháire, Rí agus Banríon Shasana agus na Spáinne, luaite ann. Is dócha, mar sin, go bhfuil an doiciméad seo ar cheann de na chéad doiciméid ón tréimhse ghairid a chaith siad i réim mar phós siad an tseachtain roimhe sin ar an 25 Iúil 1554.

Donal Burke

Aralt sainchomhairleach