Home, National Library of Ireland
Roghchlár
Blog Archive

Timpeall an Oileáin

Déardaoin, 30 Aibreán 2020
Grianghraf séipia d’fhear a bhfuil comhartha mór ina lámh aige ag fógairt a Stiúideo Grianghrafadóireachta i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

Thomas J Wynne ag fógairt a stiúideo grianghrafadóireachta i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, 1871 (WYN1)

Ó 2007 i leith, nuair a chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann tús le mórthionscadal chun ár gclaonchlónna plátghloine a dhigitiú, tá níos mó ná 65,000 grianghraf d'Éirinn agus de shaol na hÉireann curtha ar fáil ar líne.

Tugann siad léargas ar leith ar an saol ar fud oileán na hÉireann, ó lár an 19ú haois go dtí deireadh an 20ú haois. Is féidir leat na híomhánna seo a iniúchadh ar ár gcatalóg.

Cé gur dúnadh ár bhfoirgnimh le linn 2020, chuir muid tús le feachtas darb ainm 'Timpeall an Oileáin', ag cur béime ar an bhfáil atá ar ghrianghraif stairiúla do gach contae ar an oileán.  Gach seachtain roinn muid físeán a cruthaíodh go speisialta do gach contae.  Spreag sé seo daoine ar fud oileán na hÉireann ceangal agus athcheangal a dhéanamh lena gcontae áirithe agus lena stair trí rochtain a fháil ar ghrianghraif dhigitithe atá ar fáil go héasca trínár mbailiúcháin shaibhre éagsúla ar líne.

Déan iniúchadh ar na contaetha is fearr leat anseo: