Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Flickr Commons: 16 bliana ar an bhfód

Dé Máirt, 16 Eanáir 2024
Grúpa páistí ag cóisir, Baile Átha Cliath, 1920idí i Scoil Náisiúnta Shráid Rutland.

Cóisir na bPáistí, Baile Átha Cliath, 1920idí, i Scoil Náisiúnta Shráid Rutland (HOG221)

Beidh Flickr Commons ag ceiliúradh go bhfuil sé 16 bliana ar an bhfód ar an 16 Eanáir 2024. Ó seoladh siar in 2008 é i gcomhar le Leabharlann na Comhdhála, tá Flickr Commons ag roinnt seoda ó chartlanna grianghrafadóireachta ar fud an domhain agus anois tá níos mó ná 100 ball acu.

Chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann tús lena haistear ar Flickr in 2010 nuair a bhaineamar triail as íomhánna de chuid de na rudaí inár mbailiúcháin ábhar gearrshaolach a phostáil. Ghlac an Leabharlann Náisiúnta ballraíocht oifigiúil in Flickr Commons i mí an Mheithimh 2011 agus thosaigh ag roinnt grianghraif ónár mbailiúcháin le daoine ar fud an domhain ar Flickr. Táimid gníomhach ar an ardán ó shin i leith. Nuair a chuirtear sa mheá go bhfuil níos mó ná 5 mhilliún grianghraf inár mbailiúcháin, ní dócha go mbeidh easpa íomhánna le postáil againn go ceann i bhfad. Is iomaí ábhar a chuirimid suas ar Flickr na laethanta seo, idir íomhánna ónár mbailiúcháin ghrianghrafadóireachta agus mhacasamhlacha de mhíreanna amhairc ó bhailiúcháin eile, rudaí iad ar fad a leagann béim ar éagsúlacht agus uathúlacht na mbailiúchán atá againn.

Is mór againn go mbíonn daoine den phobal chomh páirteach sin sa tionscadal seo agus go gcoinníonn siad beocht ann ar an gcaoi sin. Más mian leat eolas a chur ar fáil, ceist a chur nó nóta tráchta a chur leis, níl le déanamh ach clárú le haghaidh cuntas Flickr saor in aisce. Glac páirt sa chomhrá agus cuidigh linn a chinntiú go mbéarfaidh Flickr Commons beo ar an am seo arís.

Is féidir leat teacht ar leathanach Flickr Commons Leabharlann Náisiúnta na hÉireann anseo.

1) Fear ina shuí taobh amuigh de shiopa troscáin, Áirse na gCeannaithe, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2 (WIL 57[9])
D’fhág Colm Irwin trácht ar an bpostáil seo ar Flickr lena chur in iúl gurbh eisean an leanbh atá sa ghrianghraf (ar ghlac Elinor Wiltshire sa bhliain 1969 é). Dúirt sé gur dócha go raibh sé isteach is amach le trí bliana d’aois ag an am, agus go bhfuil sé “beagán níos airde anois” agus “m’fhiacla féin fós agam”. Bhí tuairiscí sna meáin chumarsáide faoin scéal seo.

2) Iascaire agus tógálaí bád Tadhg Devane ar an gCaladh, Co. Chiarraí (TIL745)
D’aithin duine d’úsáideoirí Flickr Tadhg Devane sa ghrianghraf seo ar Flickr, ar ghlac Richard Tillbrook é. Iascaire agus tógálaí bád as an gCaladh, Co. Chiarraí a bhí ann, agus é thart ar 58 bliain d’aois nuair a glacadh an grianghraf seo siar in 1963.

3) Veain tae agus chaife ag Aonach Bhaile Bhricín, Cathair Phort Láirge (POOLEWP 2103)
Bhí an-tóir go deo ar an ngrianghraf áirithe seo ó Chnuasach Poole, a glacadh an 4 Bealtaine 1910, nuair a chuireamar suas ar Flickr é. Is í an phostáil dár gcuid is mó a bhfuil tóir uirthi ar Flickr go fóill, agus 600,000 amharc faighte aige go dtí seo.