Home, National Library of Ireland
Roghchlár

NLI ag fáiltiú roimh mhéadú ar mhaoiniú i gCáinaisnéis 2022

Dé Luain, 24 Deireadh Fómhair 2022
Íomhá den Seomra Léitheoireachta

 

Tá fáilte curtha ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) inniu (13.10.21) roimh mhéadú ar a maoiniú i gCáinaisnéis 2022 mar atá fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Seo mar a labhair Stiúrthóir NLI, an Dr Sandra Collins, agus í ag trácht ar an méadú: “Agus muid ag teacht as cruatan agus éiginnteacht phaindéim Covid-19, ráiteas gealltanais atá i bhfógra na cáinaisnéise inné atá mar chomhartha go bhfuil aois dhearfach nua tacaíochta ann do na healaíona agus don chultúr in Éirinn. Tá an Leabharlann Náisiúnta ag cur fáilte mhór roimh an méadú ar mhaoiniú ón Aire Martin agus a Roinn atá mar léiriú ar a dtacaíocht leanúnach don Leabharlann agus a bplé leanúnach linn. 

“Beidh an leithdháileadh méadaithe mar thacaíocht do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chun na tionscnaimh agus tosaíochtaí atá inár straitéis bheartaithe cúig bliana a bhaint amach, straitéis a fhoilseofar an bhliain seo chugainn. Ar an ábhar gurb í coimeádaí cuimhní na hÉireann í, tá NLI tiomanta i leith scéal na hÉireann a bhailiú, a chosaint agus a dhéanamh inrochtana. Beidh an leithdháileadh seo ón gcáinaisnéis mar chuidiú againn an méid sin a bhaint amach. Táimid ag dúil le bheith ag obair go dlúth i gcomhar leis an Aire Martin agus lena Roinn ar bhonn leanúnach.”  

Le tuilleadh eolais a fháil, féach www.nli.ie

CRÍOCH