Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Feachtas nua ó LNÉ: Béim ar scéalta gníomhaíochais, grá agus caillteanas

Domhnach, 16 Eanáir 2022
Revealing History i dtéacs turcaidghorm ar chúlra dúghlas

Revealing Histories leis an 100 bliain ó bunaíodh Rialtas na hÉireann a chomóradh.

Tá corradh le deich milliún earra i seilbh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) lena n-insítear scéalta faoin saol poiblí agus saol príobháideach in Éirinn – polaitíocht is paisean, cion is caillteanas, clann is cinniúint – agus le himeacht blianta táthar ag obair ar ábhar príomhfhoinsí a bhaineann leis an tréimhse réabhlóideach a dhigitiú agus maoiniú againn ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Mar chuid d’fheachtas digiteach úr atá á sheoladh inniu (16.01.22), tá NLI ag díriú ar shaol ceathrair a raibh róil thábhachtacha acu in 1922 le béim a leagan ar na hearraí luachmhara ar thángthas orthu mar chuid den digitiú seo. Tá beatha agus saol Chaitlín Bean Uí Chléirigh, Airt Uí Ghríofa, Hanna Sheehy Skeffington agus Aibhistín de Staic le feiceáil againn i litreacha, grianghraif, dialanna, póstaeir pholaitíochta agus in go leor earraí eile, a chuireann ar ár gcumas dúinn breathnú ar shaol na hÉireann san aimsir sin mar a bheidís féin ag breathnú air.

Chomh maith le suaitheadh polaitiúil agus sóisialta 1922 a fhiosrú, leagtar béim in ‘Revealing Histories’ ar scéalta an cheathrair seo trí na blianta, na nithe seo ina measc: 

  • Litreacha Arthur Griffin chuig a pháistí agus a bhean chéile, agus a gcuid litreacha chuige, agus idirbheartaíocht ar bun aige maidir leis an gConradh.
  • Grianghraif de mhic Kathleen Clarke agus den streachailt a bhí aici iad a thógáil mar bhaintreach nuair a cuireadh a fear céile chun báis sa bhliain 1916.
  • An scéal grá idir Aibhistín de Staic agus an gníomhaí poblachtach Winifred Úna Gordon, baintreach oifigeach de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann.
  • Teacht aniar Hanna Sheehy Skeffington tar éis tragóid phearsanta í a bhualadh agus athrú a bhaint amach sa saol faoi choinne na mban.

San fheachtas ‘Revealing Histories’ feicimid bealaí éagsúla ar féidir an t-ábhar seo a úsáid le beocht a chur sa tréimhse le haghaidh cineálacha éagsúla lucht féachana. Tá an t-ábhar seo go léir ar fáil saor in aisce anois ar líne agus léiríonn beochan an-soláimhsithe an dóigh le catalóg ar líne NLI a bhrabhsáil. Tá ceithre fhíseán ghearra ann agus fotheidil iontu ina gcuirtear taifid thábhachtacha i láthair agus ina n-insítear scéal Uí Chléirigh, Uí Ghríofa, Sheehy Skeffington agus de Staic. Déantar plé i bhfad níos mionsonraithe ar a saol siúd sna hacmhainní ar láithreán gréasáin NLI ar féidir iad a íoslódáil go furasta. 

Agus í ag trácht ar an bhfeachtas, seo mar a labhair Leas-Stiúrthóir agus Ceannasaí Taispeántas, Foghlama agus Cláreagraithe na Leabharlainne Náisiúnta Katherine McSharry: “D’imigh imeachtaí 1922 tionchar ar chruth na hÉireann a mhairfeadh go deo, agus má amharcaimid ar litreacha, dialanna agus grianghraif na ndaoine siúd a mhair le linn na haimsire sin feicimid saol úr ag teacht chun cinn. Tá béim in ‘Revealing Histories’ ar an luach a bhaineann leis an gcuimhne náisiúnta a dhigitiú, leis na heachtraí is tábhachtaí i stair na tíre a chur os ár gcomhair agus, ar a bharr sin, mar mheabhrúchán dúinn go raibh eachtraí pearsanta, a gcaillteanais féin agus cúiseanna aoibhnis ag na daoine go léir a raibh baint acu leis an tréimhse taobh lena gcuid polaitíochta agus gníomhaíochais. Cuirimid fáilte roimh gach duine an t-ábhar saor in aisce seo a iniúchadh le go dtiocfaidh siad ar léargas níos doimhne níos fairsinge ar an muintir sin a bhain leis na céad laethanta de Stát na hÉireann.”

CRÍOCH