Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Páipéir Edna O’Brien (2009 – 2021) sealbhaithe ag NLI

Dé Máirt, 21 Meán Fómhair 2021
Portrait photograph of Edna O'Brien in front of bookshelves

Tá idir ríméad agus bhród orainn a fhógairt go bhfuil an chartlann is deireanaí leis an údar Éireannach iomráiteach Edna O’Brien sealbhaithe againn.

Is “chun an bhaile go hÉirinn” atá an sealbhúchán ag teacht agus tá tábhacht ar leith leis i dtaobh saothar le scríbhneoirí na hÉireann a bhailiú ar mná iad. Bhíothas in ann an chartlann a fháil de thairbhe leithdháileadh speisialta maoinithe ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin.

Tá ábhar dhá bhliain déag sa chartlann, a cuid páipéar liteartha agus páipéar pearsanta ina measc, ó 2010 ar aghaidh, agus thart ar 50 bosca lámhscríbhinní ann. Baineadh feidhm as leabhair nótaí, bileoga scaoilte leathphraitinne agus blúirí páipéir leis na dréachtaí a scríobh go hiomlán de láimh. Is leis na húrscéalta, gearrscéalta, drámaí agus saothar scríbhneoireachta mór le rá eile ón tréimhse sin is mó a bhaineann an bailiúchán, Girl (2019), The Little Red Chairs (2015), The Love Object: Selected Stories (2013) agus an bheathaisnéis Country Girl (2012) ina measc, chomh maith le saothar a bhí fós ar bun an t-am sin agus comhfhreagras cuimsitheach le pearsana liteartha eile ar nós Philip Roth, agus Seamus agus Marie Heaney.

Agus í ag machnamh ar an sealbhúchán, arsa Edna O’Brien: “Is cúis áthais agus onóra dom go bhfuil mo chartlann sealbhaithe ag an Leabharlann Náisiúnta. Bhí sé i gcónaí mar mhian agam go rachadh mo chuid páipéar go hÉirinn, an tír inar rugadh mé – m’áit dúchais.  Baineann mo chuid saothar le dúiche an oiread céanna is a bhaineann le daoine agus tá Éire mar charachtar lárnach iontu le fada an lá. Is ceart agus is cóir go mbeadh baile buan ansin don chartlann is deireanaí de mo chuid.”

Féach an phreaseisiúint ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tuilleadh eolais a fháil.

Tá físeán gearr de Edna O’Brien agus í ag labhairt faoina cartlann le feiceáil anseo.